Showing posts with label Oileán Chléire. Show all posts
Showing posts with label Oileán Chléire. Show all posts

Tuesday, 18 June 2013

saol eile



Nuair a bhí mé naoi bliana déag d'aois chuaigh mé a dh'obair i dTuaisceart na Spáinne ar feadh bliana, ag teagasc Béarla. Ag an am sin - deireadh na seachtóidí - ní raibh ríomhphost ná Skype ann, idirlíon ná téacsáil. Bhí sé daor go maith taisteal in eitleán nó glaoch gutháin a dhéanamh. Bhí faics so-aitheanta mar choincheap pearsanta cumarsáide.

Sé sin le rá, nuair a bhí tú ann, bhí tú ann. Agus chaith mé bliain fháiltiúil i gceantar Burgos. Fuar feannaideach sa gheimhreadh, te brothallach san earrach, gan tagairt ar an samhradh.

Chuir mé aithne ar an cheantar sin agus na ceantracha thart air - cuireadh fáilte romham mar ní raibh cainteoirí dúchais Béarla eile fá chéad mhíle thart fán bhaile.  Agus le linn na bliana sin thug mé cuairt ar go leor baile tréigthe. Bailte beaga iad seo ar imigh na daoine thar lear nó go Maidrid nó Barcelona, ag cuartú oibre. Díreach ar nós ceantracha tuaithe na hÉireann, bhí lárthuaisceart na Spáinne ar cheann de na réigiúin is bánaithe san Eoraip. Bailte a bunaíodh na mílte bliain ó shin, a mhair trí theacht na gCeilteach, theacht na Rómhánach, theacht na gcogaidh creidimh in éadan lucht léannta na hAfraice, theacht na Viseagotach agus blianta chogadh na mBráthar agus ina ndiaidh, bhí a muinitir meallta nó brúite isteach sna cathracha móra ag obair sna monarchana le linn feachtas tionsclaíochta bhlianta Franco. Fágadh na mílte baile folamh, ina mballóga nó ag dul sa treo sin. Agus tá siad ansin go fóill.

Tháinig mé ar chúpla físeán ar na mallaibh a thug dathanna an dusta, an chré agus na dtíleanna rua díona ar ais chugam,  agus boladh thine adhmaid na háite. Tá roinnt de na bailte seo atá tréigthe á sealbhú arís ag daoine nach bhfuil faic eile acu. Tá físeán ANSEO a léiríonn Ibort, baile i gceantar Huesca, agus mar atá daoine ag glacadh seilbhe ar an áit agus ar a saol féin arís.

  Ibort

Agus Lakabe i Nafarroa (Navarra) Euskadí.

                                                                 Lakabe   ANSEO

Ní deirtear conas a réiteofar cúrsaí úinéireachta amach anseo, ar ndóigh, mar níl sin soiléir go háirithe i gcás Lakabe. Ach sin scéal eile fá choinne lá eile.



Ní gá taisteal go dtí an Spáinn, ar ndóigh. Tá Oileán Chléire sásta oibriú le daoine atá ag iarraidh theacht isteach chun saol nua a chruthú istigh in oileán. Gabh i dteagmháil le seamus@ancailinoir.com, mar thús. Ní bheidh sé chomh fuar sa gheimhreadh, ná chomh te sa samhradh, ar ndóigh.

Monday, 3 September 2012

Oileán agus oileán eile



Tá na scoileanna faoi lánseoil arís inniu. Thosaigh cuid acu le leathlaethe an tseachtain seo caite ach tá siad i mbarr réime arís an Luan seo. Anois, ag fiche tar éis a trí tráthnóna, tá roinnt de na páistí scoile béal dorais tagtha abhaile i ndiaidh a gcéad lá iomlán, agus ag scáirtigh ar a chéile sa gháirdín cúil, faoi sholas na gréine, ar an trampailín.

Ag brabhsáil tríd na súimh nuachta, tháinig mé ar phíosa faoi Inis Tuirc, agus chuir sé i gcuimhne domh an eispéireas an bheas ag páistí eile an lá breá fómhair seo. Ag dul isteach go hOileán Chléire dúinn cúpla seachtain ó shin, casadh cara le m'fhear chéile orainn a chónaíonn istigh ar an oileán ó na hochtóidí. Bhí a cuid páistí léi, agus bhog an comhrá go cúrsaí scoile. Mar seo a leanas an lá scoile seo acu siúd inniu:

Bád ar a ceathrú i ndiaidh a seacht ar maidin inniu  go dtí tírmór (Dún na Séad) - 45 nóiméad.

Bus ó Dhún na Séad go Cloich na Coillte (45 ciliméadar) - uair a' chloig. Díreach in am don scoil, gaelscoil dara leibhéil. Níl aon ghaelscoil níos gaire don Ghaeltacht seo.Níl dóthain páistí den aois sin le scoil dara leibhéil a chur ar fáil istigh in oileán.
.
Mamaí teacht amach ar bhád níos maille inniu agus an turas céanna le déanamh aici. Fanann Daidí ar an oileán mar tá an páiste is óige ar an bhunscoil istigh ar an oileán agus tugann Daidí aire dó siúd i rith na seachtaine, agus déanann sé a chuid oibre féin chomh maith.  Tá naonúr ar fad ag freastal ar an scoil istigh ar an oileán.

Agus ar landáil i gCloich na Coillte di tá siopadóireacht le déanamh ag Mamaí mar beidh sí féin agus an bheirt níos sine ag fanacht in arásán ó Luan go hAoine. Tá an turas ró-fhada agus ró-mhaslach le déanamh gach lá.

 Seachtain i ndiaidh seachtaine i ndiaidh seachtaine. Meán Fómhair go deireadh Bealtaine.

Faoin am go bhfuil mé ag scríobh seo - fiche cúig chun a ceathair - tá an leath sin den teaghlach ar thírmór ag socrú isteach don tseachtain i gCloich na Coillte agus an leath eile ag leanstan le rithim an oileáin. Tá na páistí beal dorais agamsa réidh leis an trampailín agus tá siad ag ithe bolgam bi lena máthair. Feicfidh siad an t-athair s'acu níos moille anocht.

Mhínigh Mamaí domh ar an bhád an lá sin go raibh roinnt teaghlach i ndiaidh an t-oileán a fhágáil do na blianta seo ar fad. Ach cé mhéad acu a fhillfeas? Ceist mhór.

Is cuimhin liom bheith ag obair ar thionscnamh le hInis Arcáin blianta ó shin - oileán taobh le Cléire, ach fá fhiche nóiméad den tírmór. Fiú ansin bhí na leáids óga ag caint ar gabháil ar ais isteach go dtí 'an charraig' ar bhád an tráthnóna, i ndiaidh filleadh ó scoil Bhéarla an Sciobairín. Bhí siad ag iarraidh fanacht lena gcairde amuigh ag Dún na Séad.

Níl an seans sin féin ag páistí a leanann leis an scolaíocht trí Ghaeilge ar an oileán Gaeltachta seo. Tá roghanna crua le déanamh ag lucht oileáin, agus seo ceann acu.


Monday, 27 August 2012

Oileán Chléire


Bhí mé ar laethe saoire istigh in Oileán Chléire nuair a chuala mé faoi dhá phíosa nuachta as Baile Átha Cliath.

Ceann amháin ná an 'Lá Hello' a bheas ann ar ball. Beidh na húdaráis ag gríosú gach duine chun 'hello' a rá lena chéile sa chathair, agus ár ngríosú chun comhrá le stráinséirí. Tá mé den bharúil go bhfuil mé ag éirí sean - seo rud a dhéanaim ag stad an bhus nó áit ar bith eile a bhfuil ócáid comhrá ann cibé ar bith. Cuireann sé aifeáltas ar mo chlann, ar ndóigh.

Chuala mé blúire ar an raidió istigh sa mB&B chomh maith, ó ealaíontóir a chuir fógra ar bhinse áit eigin sa chathair  (Baile Átha Cliath) - 'Má shuím ar an bhinse seo, tá mé ag fógairt sástachta chun comhra'.

Agus chaith mé cúpla lá ar an oileán, ag beannú do gach duine, ag comhrá le strainséirí, ag ceiliúradh an tsuaimhnis, agus ag ligean scíth. Tá siad ag cuartú daoine le dul isteach chun cónaí ann, agus is féidir dul i dteagmhail leo más mian libh tabhairt faoina leithéid.




Ag dul abhaile dúinn, bhí trí rud suntasach i mo chloigeann.

1. Is féidir an fear a thógail amach as an chathair, ach is doiligh an chathair a thógáil amach as an fhear:

2. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, go háirithe ar oileán beag.


3. Seans go raibh Bidí agus Bilí ar mhuin na muice i rith an tsamhraidh, ach faoin Nollaig beidh a muinse istigh in oigheann dhuine éigin.




Agus mar chlár ar an phíosa seo inniu...

Ag filleadh ar an mhórthír, bhí tórramh ag dul amach thar chósta theas Inis Arcáin - an míol mór a fuair bás istigh ag Dún na Séad, á iompar amach ag an 'Barracuda Bay'.