Showing posts with label an tOchtú Leasú. Show all posts
Showing posts with label an tOchtú Leasú. Show all posts

Monday, 21 May 2018

An Modh Coinníollach agus Terry


Ceann de na ráitis atá ag dó na geirbe do dhaoine faoi láthair ná 'Dá mbeadh ginmhilleadh ag do mháthair in áit tú a thabhairt chun saoil ní bheifeá anseo inniu.'

An bhfuil daoine ag éisteacht leo féin agus iad ag caint nó an dtagann na focail amach as a stuaim féin gan bheith ceangailte leis an intinn?
Dá mbeadh an bhean ag iarraidh ginmhillte is ionann sin is a rá go raibh cúis mhaith aici - ní tharlaíonn aon ghinmhilleadh gan chúis. An duine a chreideann an dearcadh thuas arbh fhearr leo go mbeadh mná daortha chun fadhbanna sláinte agus fadbanna saoil an chuid eile dá solas? Nó chun báis, i roinnt cásanna.

Ach tá daoine ag cur leis an ráiteas seo ar Twitter, ar ndóigh. Agus tá neart le rá acu ...

Ní bheifeá anseo dá leagfadh an bus 39A do mháthair an lá sin a bhí sí ag teacht abhaile ó Superquinn agus bhí sí ró-ghafa ag beannú do chara léi trasna an bhóthair le suntas a chur sna soilsí tráchta.
Ní bheifeá anseo inniu ach gurb é gur thóg d'uncail do mháthair abhaile, nuair a bhí sí ag siúl amach leis-sean,  agus thit d'athair i ngrá léi agus níl an bheirt fhear ag caint le chéile ó shin, agus ní thiocfaidh d'uncail chuig do bhainis mar tá sé i ngrá le do mháthair go fóill, ina chroí.
Ní bheifeá anseo ach gur thréig d'athair an staidéar le dul sa chléir an lá a chuaigh Coláiste na Sagart chun na trá agus chonaic sé na mná óga sin ón choláiste oiliúna ina gcuid bikini.
Ní bheifeá anseo ach go ndeachaigh do mháthair chuig an choláiste samhraidh chéanna is a bhí d'athair ann, bliain.
Ní bheifeá anseo ach gurb é go raibh ginmhilleadh ag do mháthair roinnt blianta ó shin sular chas sí le d'athair, ar Caitliceach dílis é, agus níl a fhios aige go dtí an lá seo inniu go raibh an ginmhilleadh aici.
Ní bheifeá anseo munar tháinig na Lochlannaigh a dhéanamh trádail agus lonnaigh siad anseo agus rinne Lochlannach cleamhnas le hÉireannach arbh í do shinsinsinsinsin ... (srl.) seanmháthair í.
'Ah, shure, cuirfimid an milleán ar na mná. Mar is gnáth.' Basilica St. Denis, Páras
Tá Modh Coinníollach de mo chuid féin agam.
Sna nóchaidí bhí mé i mo chónaí i mBaile Bhlainséir. Bhí mo chuid páistí óg, bhí páistí óga achan áit ar an tsráid. Bhí toirchis go leor ann.
Bhí triúr cailín beag ag an bhean béal dorais agam, Terry. Bhí sí féin agus a fear céile ag dúil leis an cheathrú páiste, agus súil acu gur buachaill beag a bheadh ann.
Ní raibh an toircheas ag gabháil ró-mhaith, bhí an méid sin soiléir luath go leor. Ní raibh an téarma ar eolas againn ar an tsráid ag an am ach hyperemesis gravidarum a bhí ann. Ní raibh Terry in ann ithe, ní raibh sí in ann tae nó sú oráiste nó bainne a choinneáil ina goile. Chaith sí aníos gach uile rud seachas uisce.
Bhí sí isteach is amach as ospidéal an Chúim gach uile sheachtain. Chaith sí an méid is mó ab fhéidir léi den lá sa leaba, ach bhí triúr páiste aici agus ní raibh a muintir thart. Dá dtuigfidís cé chomh holc is a bhí sí seans go mbeadh, ach ní bhfuair sí féin aon eolas le hinse di go raibh rudaí chomh dona sin. 'Toircheas, a bhean. Ar aghaidh leat.'
Tháinig mé abhaile oíche Dhomhnaigh ar leith, i ndiaidh deireadh seachtaine a chaitheamh ó thuaidh, agus tháinig comharsa isteach chugam.
'Tá Terry marbh.'
Tháinig an t-otharcharr agus thug siad leo í, ach bhí sé rómhall. Bhí sí féin marbh agus an féatas sa bhroinn, leis.
Ní raibh an t-ospidéal sásta aon rud a dhéanamh mar ní raibh a saol i mbaol roimhe sin.
Bhí airgead sa Roinn Sláinte gann. Mar sin níor thairg siad leaba di, le diltálaire le huisce sáil agus eile. Ach i ndeireadh na dála, ní raibh ann ach toircheas eile, agus mar gheall ar an Ochtú tá cead agus lánchead déileáil le bean amhail is nach neach daonna í. Tá cultúr brocach salach dímheasúil á fhaidiú agus á fhadú ag an Alt seafóideach seo.
Agus tá Terry, agus mná eile, marbh. Níl a n-ainmneacha ar ár mbeola mar atá le Savita Halappanavar nó Michelle Harte nó Sheila Hodger, ach tá siad marbh, agus teaghlaigh fágtha ina ndiaidh.
Dá mbeadh meas againn ar mhná...

In am againn an tAlt náireach seo a aisghairm.





Monday, 24 April 2017

Litir


Beart de réir briathair.

Céim 1:  Teachtaí Dála a aimsiú.

Céim 2: An litir thíos a chóipeáil agus a ghreamú, athruithe a dhéanamh mar is mian leat. Mo bhuíochas le ARC a chuir an bunleagan Béarla ar fáil.

Céim 3: Litir a chur chuig gach Teachta Dála ar ríomhphost agus i gcóip chrua.


Buntéacs:

A Theachta

Tá mé ag dul i dteagmháil leat chun tacú go láidir leis na moltaí um reachtaíocht ginmhillte a cuireadh chun tosaigh ag an Tionól Saoránach ag an deireadh seachtaine. Is mian liom go gcuirfí na moltaí sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Cuireann an tOchtú Leasú isteach go mór ar gach gné de chúrsaí cnáimhseachais an stáit seo.Is síorbhac é ar chearta ban. Is mór an dul chun cinn a bheas ann do mhná, do chailíní agus dóibh siúd atá ag iompar clainne in Éirinn nuair a bheas deireadh leis an Leasú seo.

Vótáil an Tionól go tréan ar son rogha agus ar son athraithe. Mhol siad gan cúiseanna ginmhillte a bheith sa Bhunreacht. Thaispeáin siad go soiléir na coinníollacha inmholta faoinar cheart ginmhilleadh a bheith ar fáil.

Mar vótálaí sa dáilcheantar, tá mé ag iarraidh ort a chinntiú go n-aithníonn an Coiste na Oireachtais toil an Tionóil. Vótáil an Tionól i bhfábhar teacht ar ghinmhilleadh gan aon riachtanas cúis a chur ar fáil (vótáil siad idir 12 agus 22 sheachtaine toirchis ar an phointe seo).

Sa mhullach air seo vótáil siad teacht ar ghinmhilleadh:
dá mbeadh sláinte an té a bhí ag iompair i mbaol
má tá fáthmheas lagaithe ag an fhéatas
de bharr cúiseanna socheacnamaíocha

Níl an dlí atá ann faoi láthair ceart ná cóir. Ní stopann sé ginmhilleadh, ní dhéanann sé ach ginmhilleadh a easpórtáil agus a easpórtáil ag pointe níos moille sa toircheas. Cruthaíonn an mhoill seo fadhbanna breise. Tá géarghá leis an dlí a athrú abhus.

Mháirseáil na sluaite ar na sráideanna le míonna agus le blianta anuas ag éileamh reifrinn leis an Ochtú Leasú a athmheas.
Creideann 87% den Tionól Saoránach nach féidir leis an Ochtú Leasú fanacht mar atá.
Creidim féin gur léiriú beacht an céadatán sin ar thoil an tsochaí atá againn inniu.


Anois tá údarás faighte ag an Rialtas reifreann a ghairm agus reachtaíocht a rith sa réimse seo. Mar vótálaí, beidh mé ag súil le reifreann luath. Beidh mé ag súil le rialtas a dhéanfas beart de réir briathair. Beidh mé ag súil le meas don phróiséas a bhunaigh a rialtas.


Ní bheidh mé ag súil leis an phróiséas a chur ar an mhéar fhada, a chur ar leataobh nó a ligean i ndearmad. Ná déantar beag is fiú do chearta ban.

Tá mé ag súil le do fhreagra agus le dul chun cinn a fheiceáil sna cúrsaí seo.

Is mé












Wednesday, 16 September 2015

Turas fada



Tá níos mó ná turas amháin sa saol seo ag daoine, agus níl a fhios ag duine ar bith againn caidé an t-ualach atá daoine eile ag iompar ina dturas féin. Tá an rí-ra agus an rúaille búaille ag tosú arís faoin ochtú leasú agus beidh rudaí ráite agus pléite go Lá Eoin Dic.

Tá an stair a bhaineann leis ANSEO

Tá cúpla píosa curtha agam leis ANSEO

An t-am deireanach gur scríobh mé faoin ábhar seo ná 29 Meitheamh 2015

Sin 79 lá ó shin. Tá 948 bean le seoladh baile in Éirinn i ndiaidh gabháil chuig dochtúirí agus comhairleoirí sa tír seo agus ansin chuig comhairleoirí agus clinicí i Sasana ó scríobh mé faoi seo go deireanach. 12 sa lá. 12 ban atá ag ceannach ticéidí le Ryanair agus Aer Lingus agus Flybe  agus ag fanacht ar thacsaithe agus busanna agus metroanna ar an dá thaobh. Nach maith muid?


Iarmhír.... Windows feckin' 10 - níl aireamhán agam a thuilleadh - imithe, ar lár, ar iarraidh, marbh. Bhí na méara (agus na ladhra) amuigh agam dó seo).