Showing posts with label diaibéiteas. Show all posts
Showing posts with label diaibéiteas. Show all posts

Tuesday, 18 October 2011

Brachán abú!



Tharla rud spéisiúil inné, agus ní chreidim i gceart fós é.

Bhí mé ag an dóchtúir teaghlaigh i Mí Iúil, agus d'aimsigh sí diaibéiteas. Chuir sí litir chun an ospidéil agus neadaigh mé mé féin síos ag fanacht ar an choinne. 

Idir an dá linn, chomhairligh an dochtúir dom freastal ar dhiaitéiteach go príobháideach, rud atá déanta agam agus mé ag freastal uirthi go fóill. Elaine McGowan.

Inné, bhí mé ag an ospidéal. Chan fá choinne coinne sa chlinic ach fá choinne tástáil fola. Ach ní fheicfinn aon dochtúir go dtí an Bhliain Úr, ar ndóigh.
Inné, bhain siad fuil asam san ospidéal. Éacht ann féin. Agus ar maidin, dúirt siad liom nach bhfuil diaibéiteas orm níos mó...

Inseoidh mé rún duit. Má bhíonn tú réamhdhiaibéiteach, nó 'ar an teorainn' ó thaobh thorthaí fola de, gabh chuig Elaine McGowan. Má bhíonn do mheitibileacht oiriúnach chuig an aiste bia s'agamsa, beidh tú ag ithe bracháin (leite) maidin agus i lár an  lae. Beidh cosc ar phrátaí, ar arán, ar rís, ar phlúr, ar pasta, ar chuile shórt carb. Ach caillfidh tú dhá phunt in aghaidh gach seachtaine a leanann tú a haiste bia. 

Tá breis is dhá chloch caillte agam ón samhradh. Agus mo phaincréas buíoch as, is léir. Agus cuirfidh an brachán an ruaig ar an diaibéiteas, seans, mar a rinne liom féin.

Bhú-hú!

Sunday, 16 October 2011

Dúirt mé libh...




I mí Iúil na bliana seo d'aimsigh an dochtúir teaghlaigh go raibh diaibéiteas orm. Agus chuir sí litir chuig an chlinic san ospidéal d'fhonn coinne a réiteach. Agus ag an am, dúirt mé libh - 'fanaimis, bímis ag análú i rith an ama'. Bhuel, an tseachtain seo caite...Mí Dheireadh an Fhómhair...

'bhfuil mé ag caint le Réaltán?'
'Tá.'
'A Réaltán, seo an clinic in Ospidéal... Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt duit theacht chuig caint ar bhia agus diaibéiteas.'
'Caint ar...ach ní bhfuair mé coinne go fóill don chlinic.'
'Tá a fhios agam. Seans go mbeidh sé cúpla mí go fóill. Ach ba mhaith linn labhairt le daoine mar gheall ar an bhia is fearr don diaibéiteas'.
'Ó...bhuel...maith go leor mar sin.'
'Beidh an chaint ar siúl ar 21ú agus 28ú de Mhí na Samhna. Déanaimid é a ghearradh ina dhá leath, sa dóigh is gur féidir le daoine an t-eolas a thabhairt leo níos fearr.'.

Agus ní bheidh coinne clinice ceart agam an taobh seo de Nollaig, bíodh geall. Ach beidh siad in inmhe a rá go bhfaca siad mé.
Dúirt mé libh...

Tuesday, 2 August 2011

Fanaimis, ag análú i rith an ama

Leanann an saol leis. Agus leanann mo chorp ag comhrac liom. Dá mbeinn beo sa mheánaois...bhuel, ní bheinn beo ag an phointe seo, ar ndóigh. Dóite i mo chailleach, cinnte, nó feoite ag an ailse. Ach tá mé beo inniu. Agus tá clamhsán nua agam. Ailse...limféidéime...histireachtóime... dúlagar (ón Tamoxifen)...bearna charpach (ón Aromasin)... agus anois, sa mhullach air sin, diaibéiteas. Chuir an dochtúir teaghlaigh nóta chuig an chlinic diaibéitis cúpla seachtain ó shin chun go gcuirfidh siad fios orm. Fanaimis, ag análú linn i rith an ama.

Ach anois, cúis áthais (?). Tá mé i ndiaidh coinne ospidéil a fháil do St. James's anseo i mBaile Átha Cliath, do Mheán Fómhair. Tá sé chomh fada sin ó d'iarr mé é nach cuimhin liom cad chuige é. I ndáiríre. Amharc ar an liosta thuas. Rachaidh mé ann, ar ndóigh, agus beidh sé mar 'Magical Mystery Tour' domh ar an lá...

'Dia dhuit, a bhean uasail.'
'Mor is Muire dhuit, a dhochtúir shaibhir'
'Bhuel anois, an féidir leat a inse domh cad tá ag cur isteach ort'
Ní féidir, a dhochtúit'
'Ó?'
'An dtuigeann tú, is saindochtúir thú i réimse an-bheag ar fad ar fad, agus ní fiú domh dul síos tríd mo liosta go dtí go n-insíonn tusa domhsa cén réimse atá agat. D'iarr mé an coinne seo níos mó ná dhá bhliain ó shin, is dóigh liom...ach níl mé cinnte. Agus tá mo chorp chomh casta sin i láthair na huaire go bhféadfá bheith i do speisialtóir ar thrí rud éagsúil ar a laghad.'

Tchífimid. Watch this space. Ach bí ag análú. Beidh sé tamall fada sula dtagann a n t-ospidéal chugam le coinne don diaibéiteas, tá mé ag déanamh. Mí Iúil 2011 anois....