Showing posts with label nollaig. Show all posts
Showing posts with label nollaig. Show all posts

Saturday, 12 November 2022

Inní agus leabhair eile

 

An Crann Óg ag gabháil ceoil

Glacann sé tamall a theacht chugat féin i ndiaidh Oireachtas na Gaeilge. Bíonn an iliomad ócáid ann. Ceann acu ná ollsheoladh leabhair a bhí ag Éabhlóid dúinne, na húdair a thóg leabhair amach le linn na pandéime, na húdair a bhí ag iarraidh iad a chur i mbéal an phobail nuair nach raibh deis cainte ag an phobal ach Zoom agus Teams agus WhatsApp. 
Eoghan Mac Giolla Bhríde

Proinsias Mac a' Bhaird

Ba iad Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Proinsias Mac a' Bhaird a chuir tús leis an seoladh. Bhí go leor de bhunadh an chontae chéanna i láthair, ar ndóigh.

Gemma Nic Conchra (údar) le 'Caoilte Caillte sa Mhúsaem'
https://eabhloid.com/postail/works/caoilte?lang=en


Iníon le Caitlín Nic Niallais (údar), ag léamh sleachta as 'Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill'
https://eabhloid.com/siopa/scealta-draiochta-mhici-sheain-neill


Niall Naessens, nia le Nuala Ní Ghallchóir, an bhean a scríobh 'Scéalta ó m'Óige'
https://eabhloid.com/postail/works/scealta 


Cúpla focal ar leith fán chnuasach scéalta  'Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Neill' -  Tá draíocht ag baint leo, cinnte. Tá idirnáisiúnachas agus aois is gaois iontu gur fiú go mór iad a léamh. Cruinníonn siad hucu  oidhreacht a spréann thar na blianta agus thart timpeall na hEorpa agus an domhain. Is scéalta iad a bhfaightear i dtraidisiúin bhéil agus i dtraidisiúin scríofa an domhain ar fad. Fianaise bheo iad ar Éirinn agus í lonnaithe i gcroílár nósmhaireachtaí béil an domhain le fada, fada an lá. Tá mé an-tógtha leis. 
 Agus, ar ndóigh, bhí píosa le léamh agam as 'Inní', cnuasach gearrscéalta a bhí ar ghearrliosta Gradam An Post Leabhar an Bliana i 2021. Ar Zoom a rinneadh an Gradam sin a chur  chun tosaigh, mar gheall ar chúrsaí sláinte, agus bhí daoine zúmáilte amach go maith faoin am sin. Ba dheas labhairt le daoine sa seomra céanna liom fein arís. 

Proinsias Mac a' Bhaird agus 'Inní' á sheoladh aige
https://eabhloid.com/postail/works/inni

Rinne Proinsias Mac a' Bhaird an leabhar a sheoladh go caoin, flaithiúil, ní miste a rá. Caithfidh mé an clúdach donn sin a chur chuige...

Agus cúpla pic eile de chuid lucht na leabhar ag an Oireachtas ...

Muintir Mhic Niallais - Máire agus a beirt iníonacha, Máire agus Colma

Brídanna Ní Bhaoill agus cara

Muintir Mhic Niallais - an t-aos óg, a chuir an ceol ar fáil chomh maith
Míde, Seán, Lia agus Riada

Caitlín Nic Niallais agus Regina Uí Chollatáin (UCD)

Áine Ní Churráin agus Caitlín Nic Nic Niallais

Deirdre Learmont lena slad leabhar

Dónall Ó Cnáimhsí

Cathal Poirtéir


*Piceanna le caoinchead Linda Keating

Friday, 11 December 2015

Nollaig na madraí



Táimid ag fáil cúpla cú beag ar altramas don Nollaig. Cúpla beart beag áthais.

Beidh siad ag teacht ón DSPCA ar an 22ú nó an 23ú lá agus ag imeacht suas chuig na cnoic arís - nó chuig teaghlaigh bhuana nua - ar an 4ú lá d'Eanáir. Yippíí-háigh-éééé!!!

Thig libh féin fiosrú a dhéanamh ag an tearmann madadh is gaire díbh - anseo i mBaile Átha Cliath, bím i dteagmháil le foster@dspca.ie .

Agus tá a fhios agaibh cheana, ar ndóigh - ná faighigí madadh buan don teaghlach ag an Nollaig - nó seans maith go mbeidh mé á fháil mar mhadadh altramais faoin Fheabhra!

Agus do lucht na gcat...
 https://www.youtube.com/watch?v=J9VQxhJczLA



Wednesday, 24 December 2014

Líon na bearnaí

Líon na bearnaí

Is deacair bheith sona séasúrach in amanna. 

an trácht go dona idir lucht siopadóireachta agus drochaimsir. Dá dheasca sin ní fiú gabháil fá scread asail de bhóthar mhór. Fiú leis an arán a fháil.

 Tá an t-ochtú leasú i réim go fóill sa deisceart, rud a fhágann bean óg i mbéal an bháis gan cead bás a fháil le dínit mar gheall air. 

Tá an damhsa mall ar siúl ag polaiteoirí an tuaiscirt mar is gnách. 

Ach ar an taobh eile de, tá soilse ar lasadh ar fud na háite leis an dorchadas a dhíbirt - 



Agus tá grianstad tagtha. Solas ar an bhealach! 




Thig liom cuimhniú ar an chúpla lá a bheas agam thar lear i ndiaidh na Nollag. Tirim. (Tá súil agam - is cuimhin liom sos geimhridh i Málta nuair a chuir sé d'oíche is de lá.) Dorcha gach oíche ach solas i rith an lae. Sos!




Sunday, 1 December 2013

Santaí




Tá an Nollaig ag teacht. Tá Santaí, San Nioclás, Daidí na Nollag ag déanamh réidh don oíche mhór. Bualadh bos. Lean é an Nollaig Shona seo.

Nó imir cluiche nó dhó aNSeo. Bhain mé triail as na cluichí seo mé féin go dtí go mall san oíche. Togha.

Nuair a fhiafraíonn na páistí díot 'cé mhéad codladh go dtaga Santaí?' ... cliceáil  aNSeo



Mar iarmhír ar an hóhóhó seo uilig go léir, míle buíochas d'Áine Ní Ghlinn as an cheardlann scríbhneoireachta a threoraigh sí inné, Satharn 30 Samhain, in Ionad na Scríbhneoirí. An-obair déanta, an-chraic ann, an-lá. 

Thursday, 21 November 2013

Tá an póirse á líonadh


Santaí Mór agus Santaí Beag ag déanamh cuideachta le chéile.



Santaí Elvis (a cheolann 'Are you lonesome tonight') agus an bheirt fhear sneachta (tá Plúirín ina suí agus Calóg ina sheasamh ) ar an chairrín sneachta.

Tá mé ag fanacht anois ar an chéad ghearán...



Friday, 16 December 2011

An Nollaig

Christopher Hitchens

Bhí an t-am ann go mbíodh an Nollaig simplí go leor. Déanamh réidh ar feadh tréimhse roimh ré agus airneál agus cuartaíocht ar na laethe cuí. Idir Oíche Nollag agus Nollaig na mBan.

Tá an saol níos casta agus súil níos géire leis an Nollaig anois, áfach. Is deacair an súil sin a shásamh sa ghnáthshlí, cibé ar bith. Féiríní is bronntanais, daoine ag teacht is ag imeacht, imircigh sa bhaile ag iarraidh gach duine a fheiceáil, agus deoch agus bia á réiteach agus á ithe agus á ól. Agus sonas agus suaimhneas ar gach duine.

Ach le cúpla lá anuas tá ceathrar duine éagsúil i ndiaidh a inse domh go bhfuil drochnuacht (ailse nach leigheasfar) ag gaolta nó ag cairde leo. Agus is deacair drochnuacht a thabhairt leat ag an am seo bliana, nuair atá aird an phobail dírithe ar bhealach eile ar fad.

Chonaic mé an píosa seo ar maidin in Facebook. Is agallamh a rinne scríbhneoir Sasanach, Christopher Hitchens, leis an iriseoir Jeremy Paxman nuair a fuair sé amach nach leigheasfaí an galar istigh ann. Tá sé marbh anois.

 Níl mórán eile gur féidir liom a thairiscint do dhaoine a chluineann an nuacht seo, ag aon am. Ach barróg agus caint agus am i gcomhluadar dhaoine eile agus tréimhsí eile leat féin. Bí leithleasach.

Wednesday, 22 September 2010

Bliain ag taisteal


Bliain chun tosaigh ó bhí deireadh leis an chaemo. Tá an ghruaig ag teacht ar ais ach gann go fóill i dtaca leis an ‘seanghruaig’. Ach tá sí ann agus clúdaíonn sí an blaosc! Tá na hingne bog sobhriste go fóill. Tá limféidéime ar mo láimh an taobh gur bhain siad amach na nóid limfe, agus beidh mé ag caitheamh muinchille agus lámhainne speisialta an chuid eile de mo shaol. Bhí an limféidéime níos doilighe déileáil leis ná an ailse, ar a dhóigh féin. Bíonn deireadh le leigheas ailse, níl aon leigheas don limféidéime. Agus beidh sé ort i gcónaí. Cuimhne síoraí ar an ailse, ar an eagla, ar chorp imithe amú go mór, ar an easpa smaichte ar do shaol féin.
Bliain ar aghaidh, tá daoine nár tháinig ar ais imo shaol ar chor ar bith. Tá daoine a
d’imigh agus nár fhill teann eagla roimh an fhocal ‘ailse’. Tá daoine ann, tá me cinnte,
a chreid go raibh mé ag gabháil a fháil bháis agus ní raibh siad chun fanacht air sin.
Agus táthar ann a d’imigh faoin radair ar feadh an ama agus atá anois ag iarrraidh theacht ar ais gan focal a scaoileadh mar gheall ar an ailse.  Anois agus m’fholtsa ar ais agus an chosúlacht go bhfuil mé chun mairstin tamall maith eile, tá siad ag iarraidh labhairt fá pháistí, fán aimsir, fá pholaitíocht. Ach ná luaimis an eilifint sa choirnéal (Yeah, tá meáchan curtha suas agam). 
Táimid tagtha ag an Nollaig ag an am go bhfuil mé ag scríobh seo. Bhí Nollaig bhán agam go dtí seo. Agus anois tá me chun tosú ar an dearg…