Showing posts with label caife. Show all posts
Showing posts with label caife. Show all posts

Saturday, 10 March 2012

caife ar a haon déag

Crothnaím an café con leche ar a haon déag le Siubhán



 agus Lisa

in Los Palacios y Villafranca. 

Ainm mór, baile beag. An Chorr Chríochach aistrithe go dtí an ghrian - sráid fhada a ritheann ar nós abhainn idir Cádiz agus Sevilla.

Agus tá siad ag déanamh réidh do mhórshiúlta Semana Santa cheana...


Friday, 18 November 2011

Caife agus comhrá


Tá an teach sciúrtha, na soithí nite. Gach rud réidh le haghaidh na maidine. Beidh 'maidin caife agus comhrá' agam amárach, an chéad cheann ariamh agam féin. (Tá mé ag éirí sean!) Tá cuireadh imithe amach chuig na comharsana bualadh isteach agus caife a ól, aithne a chur ar a chéile agus cúpla pingin a fhágáil don ospís i gCros Araild i mBaile Átha Cliath. Is ait an mac an saol, ach is gá roinnt ócáidí mar seo chun aithne a chur ar a chéile san áit ina bhfuil mé!

Tá cúpla scata againn ann, mar mhná na háite - mná níos sine, mná níos óige a oibríonn sa teach agus mná níos óige a oibríonn lasmuigh den teach. Agus ní chasaimid ar a chéile mar nach ionann na hamanna a bhímid ar an tsráid. Tá súil-aithne agam ar go leor acu, ach bíonn ócáid mar seo ina dheis cainte agus só. Roimh an N...