Showing posts with label máthair. Show all posts
Showing posts with label máthair. Show all posts

Wednesday, 24 April 2013

Ceolann mo mháthair




Ceolann mo mháthair. An lá ar fad. Go haerach agus go binn. Mar a bheadh laoch as scéal de chuid Mheiriceá Theas inti, ní labhraíonn sí níos mó, ach ceolann sí le haoibh. Ag tarraingt ar nócha, tá na feitheoga ag teannadh. Sin an scéal oifigiúil. ‘Néaltrú’ an téarma ceart. Ach ní leor an téarma sin ag na páistí a riar sí, ná ag an fhear a thóg abhaile ón seipéal í corradh is seasca bliain ó shin. Tá sí imithe in aois an linbh, agus mar a thug sí grá gan teorainn dúinne agus muid faoina cúram inár leanaí, titeann sé orainne an gar a aisíoc anois go fonnmhar.

Níl muid in inmhe an oiread sin a dhéanamh don bhinnbhean seo na n-amhrán, áfach. An fear atá ar chomhaois léi, is í bun  agus barr a shaoil anois í.  Ní fhaca tú cearc ariamh a bhí níos cúramaí faoina hál ná eisean faoina chéile. Mar sin de, caithfimid aire a thabhairt dó-san le gur féidir leis aire a thabhairt dithe.

Me féin, cluinim í ag ceol. Thuas staighre, thíos staighre, agus faoin staighre sa seomra beag a dtugann muid an ‘pantry’ air, leis. Amhráin as ‘Mary Poppins’, as ‘My Fair Lady’ agus ceolscannáin mhóra eile an tréimhse sin a bhíodh aici cúpla seachtain ó shin. Anois, áfach, táimid imithe siar ina hintinnn go dtí na daichidí (is dóigh liom). Tá amhráin aici a cheolann sí nár chuala mé riamh óna béal, agus nár chuala mé riamh ar na seanscannáin dubh-agus-bán. Déarfainn go mbaineann siad leis na damhsaí a bhíodh ann nuair a bhí sí óg, gan chlann, gan chúram.

Seasann sí ag an dabhach sa chistin ag ní na soithí (sin dualgas atá uirthi, in ainneoin is go gcathfidh tú na soithigh chéanna a ní athuair ina diaidh), gach tiún ag teacht amach ina rabharta focal. Níl sí in inmhe cuimhniú ar ainm m’fhir chéile, in amanna, ná ar ainm mo mhic, uaireanta. Ach diabhal focal a ndéanann sí dearmad air agus í i mbun ceoil. 

Tá cumhacht na ngrianghraf imithe. Go dtí le deireanas, bhí muid ábalta na cuimhní a mhúscailt ar feadh scáthaimh le seanghrianghrafanna. Bhí sí in inmhe cúpla scéal a rá (ba scéalaí déanta í go dtí cúpla bliain ó shin – chan scéalta miotaseolaíochta ach fíorscéalta den bhéaloideas pearsanta aici féin – a saol féin) agus bhí sí in inmhe cúpla rún a ligint a choinnigh sí leis na blianta. Ach sin scéal eile.

Cibé ar bith, táimid iontach sásta gur thaifead m’iníon í cúpla bliain ó shin mar chuid de thionscadal coláiste. Ag an am go raibh an tionscadal le déanamh, bheadh leisc orainn ceist a chur uirthi na scéalta a thaifead ar eagla go smaoineodh sí go rabhamar ag tuar a báis. Ach bhí leithscéal againn í a chur ar MP3 agus tá sin againn sa lá atá inniu ann. Tá roinnt de na scéalta againn. 

Anois caithfimid na hamhráin a thaifead!

Monday, 25 March 2013

Cá bhfuil na fir?




Bhí píosa sa ‘Sunday Business Post’ inné, ag trácht ar na bainc agus cinnidh chrua a bheas le déanamh ag teaghlaigh amach anseo. San alt seo, tagraíonn ‘teaghlaigh’ do na clanna sin a bhfuil athair agus máthair i gceist agus muirín orthu.

Dar leis an nuachtán, beidh na bainc ag iarraidh ar na mná (= máithreacha) a gcuid post a ghéilleadh má chosnaíonn cúram leanaí níos mó ná mar atá siad féin, mar mhná (= máithreacha) ag tuilleadh.

Ar ndóigh, dar leis na bainc (más fíor an scenario seo), seo bealach éasca leis na leabhair a choimead. M = A = L. Tugann Mná amháin mar mháithreacha Aire do Leanaí. Ach d’fhág siad cúpla fachtóir ar lár sa chothromóid.


F.
Cá bhfuil na fir sa chothromóid seo? Má chosnaíonn cúram leanaí mile euro sa mhí, nach dtagann an mhíle euro sin as sparán na beirte? Nó an é nach bhfuil aon fhreagracht ar na fir as tógáil a gcuid clainne sa bhliain 2013? Rugadh m’iníon sa bhliain 1987 agus bhí an comhrá ceannann céanna agam lena hathair ó thaobh airgid agus cúram leanaí de, agus fiú ina dhíneasár déanta agus ina chúntasóir é, bhí bunghlacadh aige go raibh an bheirt againn páirteach sa tógáil, agus an bheirt againn freagrach as billí a cúraimse.



G.
Cá bhfuil na heagraíochtaí a ‘chosnaíonn an saol’ ina measc seo? Má tá bainc i ndáiríre faoin nóisean seo go bhfuil mná agus mná amháin freagrach as an mhuirín mar nach dtuilleann mná an oiread airgid le fir fiú sa bhliain 2013, níl ach réiteach amháin ar an scéal. Ní thabharfaidh mná muirín orthu féin an chéad uair. Agus má tharlaíonn torrach iad, beidh Ginmhilleadh Éireannach acu – a  bhuíochas le Ryanair nó Aer Lingus. Tús agus deireadh an scéil sin.

Díomá orm, i mbliain seo 2013, go bhfuil a leithéid d’alt i gcló agus fíor. Díomá orm go n-amharcann bainc ar mhná go fóill mar mheaisíní atáirgthe, agus díomá orm gur thacaigh polaiteoirí leis an chóras baincéireachta cúpla bliain ó shin chun go leanfadh na bainc chéanna lena leithéid seo d’amaidí.