Showing posts with label cumann ailse na héireann. Show all posts
Showing posts with label cumann ailse na héireann. Show all posts

Monday, 15 August 2011

ó, na bindealáin, na bindealáin...

An t-am sin den bhliain arís. Trí sheachtain de bhindealú ag síniú amach romham. Trí sheachtain nuair nach féidir liom taisteal a dhéanamh, obair tí a dhéanamh (!) agus trí sheachtain nuair atá an saol an-chúng ar fad. Am bindealaithe.

Chuaigh mé síos inniu chuig Ospidéal San Shéamais agus chuaigh mé isteach chuig an fhisiteiripeoir. Agus rinne sé measúnú ar an lámh agus an sciathán  - feabhsuithe mar gheall ar an obair curtha isteach ag Cumann Ailse na hEireann agus Coach Murphy.
Ansin mhínigh se nach bhféadfadh sé tosú ar an bhindealú inniu mar nach raibh na bindealáin chuí aige...an mbeadh aon cheann fágtha agam féin sa bhaile ón uair dheireanach?.....

Friday, 1 July 2011

leath-orlach eile!

Ag na meáchain aréir le Marie Murphy arís, i gCumann ailse na hÉireann. Leath-orlach eile caillte ón sciathan le limféidéime! Tá sin dochreidte i dtéarmaí gnáththeiripe na staide seo. Agus tá mé fíorbhuíoch di féin, mar Marie Murphy, agus don Chumann. Beidh sos ann don samhradh ach go leanfaimid féin leis an aclaíocht ar ár gconlán féin, agus tiocfaimid le chéile arís i mí Lúnasa.

Bhí troid agam le Marie Murphy an t-am deireanach gur úsáid me an ghraific thuas. Dar léi, ise atá ann. Dar liom, mise atá ann. Ní ceachtar againn í - tá mise ró-mhór agus ise ró-bheag!

Beidh an Cumann ag leathnú an chláir ar fud an oileáin, mar dhea-nuacht. Beidh siad ag tosú ar dhaoine fóirsteanacha a aimsiú leis an traenáil a stiúradh amach anseo. Dar liom, ba cheart go mbeadh an clár ceangailte le gach clinic nó fisiteiripeoir limféidéime sa tír. Ach ina dhiaidh sin, tá mise claonta. Chaill mé orlach go dtí seo gan feidhm orm bheith i mo 'othar'!

Beirigí bua, a Mharie, agus Anne a chuidíonn léi, agus Eimear Cotter ón chumann Ailse!

Tá an

Sunday, 22 May 2011

Leath-orlach agus an 21ú chéad


Ag triall tríd an trácht Déardaoin seo caite ar Dhroichead na Dothra, is beag gur thiontaigh mé ar an bhealach abhaile. Dhá uair a' chloig ó Bhéal Feirste go dtí an Pointe, agus uair a' chloig ón Phointe go dtí Bóthar Northumberland. Agus traochta ón trácht ina stad. Maith thú, a Eibhlís na Breataine - agus an chomhdháil i staid Lansdúin chomh maith!

Ach b'fhiú an turas. Is ann a dhéanaim na meáchain le Coach Marie Murphy i gCumann Ailse na hÉireann, nuair is féidir. Agus tá sí ag tomhas gach rud le linn an ama. Rinne muid ár gcuid meáchain Déardaoin mar is gnách, agus mhothaigh mé an fuinneamh ag teacht ar ais imo chorp. Agus ansin thomhais sí mo sciathán - an ceann leis an limféidéime. Bhí leath-orlach caillte agam taobh istigh de cheithre sheachtain. 'Nois, ní chiallaíonn sé sin rud ar bith do dhaoine nach mbaineann le limféidéime, ach don té atá ar an eolas, is ionann leathorlach agus bindealú seachtaine nó coicíse, agus an míchompord a bhaineann le bindealáin mhóra mhíofara.

Bhí iontas orm, agus lúcháir. Go raibh maith agat, a Choach Murphy, as limféidéime a thógáil isteach san aonú haois fichid. Tá an clinic a bhfuil mé ag freastail air sáite sa naoú céad déag leis, ach ar a laghad tá Cumann Ailse na hÉireann agus Marie Murphy ag treabhadh leo agus ag úsáid modhanna níos éasca agus níos pléisiúrtha le déileáil leis!

Agus ar ndóigh, an chuid is mó againn níl muid ag obair, nó mo dhalta féin táimid ag obair ar uaireanta srianta ó bhí an ailse orainn. Agus is mór an gar dúinn rud mar seo bheith saor in aisce, mar is cinnte nach mbeinn in inmhe íoc as an aird chéanna agus an scil atá curtha ar fáil dúinn.

Bualadh bos don Chumann agus don Choach. Gabhaim buíochas libh as mé a ghlacadh ar an chlár seo. Agus ní dhéanann sé aon dochar do mo ghruaim ach an oiread!

Saturday, 23 April 2011

siúl agus traenáil


Tá an aimsir go hálainn faoi láthair, agus fonn siúil ar gach duine. Tá mé ag leanstan liom le Coach Murphy ó Chumann Ailse na hÉireann, ar ndóigh. Táimid ag siúl agus sa mhullach air sin táimid ag tosú ar thógail meáchan chomh maith. Phléasc mo mhac amach ag gáire nuair a chuala sé é seo. Mamaí bheag rámhar ina schwarzenegger. 'Cén meáchan a thógann tusa?', ar sé. 'Buidéal plaistic uisce in gach lámh' arsa mise....gáire....''dhá chéad uair'....stop an gáire.

Tá an bhean seo, Marie Murphy, ina saineolaí ar aclaíocht agus mná le hailse. Thosaigh sí i Meiriceá, áit ar chaith sí na blianta fada, agus tá sí ar ais anois i nÉirinn. Níor mhaith liom íoc as na seisiúin seo mar bheidís an-daor ar fad, tá mé ag déanamh, agus tá mé fíorbhuíoch go bhfuil siad saor in aisce ón Chumann.

Tá siad ag iarraidh an clár a leathnú amach ina am féin ar fud na tíre, agus molaim é. Tá sé deimhnitheach agus tá sé de dhíth. Tá sé bunaithe ar thaighde a léiríonn go gcaithfidh mná a raibh ailse cíche orthu a gcuid corp a chur ag obair go gníomhach thar leibhéal áirithe, sa dóigh is go laghdófar an seans go dtiocfadh an ailse ar ais. Ach lena chois sin, tá an obair-i-ngrúpa taitneamhach, spreagúil agus lán craic.

Bhí faitíos orm go dtiocfadh claochló ar an limféidéime leis na meachain, mar ní mholtar duit aon mhórmheáchan a thógáil, ach 'so far, so good'! Agus na mná a rinne an clár píolótach anuraidh? Tá siad anois ag rámhaíocht - fiú an lucht limféidéime!

Ok, caithfidh mé imeacht anois. Tá siúl an lae inniu le déanamh agus níl fonn orm éisteacht le Coach Murphy tabhairt amach domh...

Friday, 25 March 2011

Éirí folláin


Tá mé ag tosú ar scéim 'éirí folláin' le Cumann Ailse na hÉireann amárach, Satharn 26 Márta, 2011.
Siúil agus gleacaíocht do dhaoine a raibh ailse cíche orthu agus atá ag iarraidh éirí níos folláine atá ann.

Mar gheall ar na cógaisí a thugann siad do mhná, tá claonadh níos measa ná mar is gnáth ann meachán a chur orainn, mar mhná. Mar gheall ar an easpa éastraigine inár gcorp leis na drugaí seo, ní bhíonn seans ag an ailse fás agus éirí flúirseach arís. Ach mar gheall ar an easpa éastraigine, athraíonn crot an choirp. Ba phiorra mé roimh na drugaí. Piorra beag rámhar, caithfidh mé a admháil, ach piorra féin. Is úll breá rámhar, súmhar, snasta anois mé. Tá mé i ndiaidh go leor éadach a fhágáil sa chófra le fada, agus tá mé tinn tuirseach de.Bhí mé tuirseach, traochta i ndiaidh chaemo agus radaiteiripe agus ansin tháinig na cógaisí.

Ok, so, tá sé in am agam rud eigin a dhéanamh fá dtaobh de. Tá an scéim seo ag an chumann ailse agus bainfidh mé triail as. Tá na bróga rite bainte amach as an chófra agus tá an aimsir go hálainn. Leithscéal ar bith.

Cros an Phápa, 10.00 ar maidin, Páirc na Fionnuisce. Bí ann nó bí i d'úll.