Showing posts with label Éabhlóid. Show all posts
Showing posts with label Éabhlóid. Show all posts

Saturday, 12 November 2022

Inní agus leabhair eile

 

An Crann Óg ag gabháil ceoil

Glacann sé tamall a theacht chugat féin i ndiaidh Oireachtas na Gaeilge. Bíonn an iliomad ócáid ann. Ceann acu ná ollsheoladh leabhair a bhí ag Éabhlóid dúinne, na húdair a thóg leabhair amach le linn na pandéime, na húdair a bhí ag iarraidh iad a chur i mbéal an phobail nuair nach raibh deis cainte ag an phobal ach Zoom agus Teams agus WhatsApp. 
Eoghan Mac Giolla Bhríde

Proinsias Mac a' Bhaird

Ba iad Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Proinsias Mac a' Bhaird a chuir tús leis an seoladh. Bhí go leor de bhunadh an chontae chéanna i láthair, ar ndóigh.

Gemma Nic Conchra (údar) le 'Caoilte Caillte sa Mhúsaem'
https://eabhloid.com/postail/works/caoilte?lang=en


Iníon le Caitlín Nic Niallais (údar), ag léamh sleachta as 'Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill'
https://eabhloid.com/siopa/scealta-draiochta-mhici-sheain-neill


Niall Naessens, nia le Nuala Ní Ghallchóir, an bhean a scríobh 'Scéalta ó m'Óige'
https://eabhloid.com/postail/works/scealta 


Cúpla focal ar leith fán chnuasach scéalta  'Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Neill' -  Tá draíocht ag baint leo, cinnte. Tá idirnáisiúnachas agus aois is gaois iontu gur fiú go mór iad a léamh. Cruinníonn siad hucu  oidhreacht a spréann thar na blianta agus thart timpeall na hEorpa agus an domhain. Is scéalta iad a bhfaightear i dtraidisiúin bhéil agus i dtraidisiúin scríofa an domhain ar fad. Fianaise bheo iad ar Éirinn agus í lonnaithe i gcroílár nósmhaireachtaí béil an domhain le fada, fada an lá. Tá mé an-tógtha leis. 
 Agus, ar ndóigh, bhí píosa le léamh agam as 'Inní', cnuasach gearrscéalta a bhí ar ghearrliosta Gradam An Post Leabhar an Bliana i 2021. Ar Zoom a rinneadh an Gradam sin a chur  chun tosaigh, mar gheall ar chúrsaí sláinte, agus bhí daoine zúmáilte amach go maith faoin am sin. Ba dheas labhairt le daoine sa seomra céanna liom fein arís. 

Proinsias Mac a' Bhaird agus 'Inní' á sheoladh aige
https://eabhloid.com/postail/works/inni

Rinne Proinsias Mac a' Bhaird an leabhar a sheoladh go caoin, flaithiúil, ní miste a rá. Caithfidh mé an clúdach donn sin a chur chuige...

Agus cúpla pic eile de chuid lucht na leabhar ag an Oireachtas ...

Muintir Mhic Niallais - Máire agus a beirt iníonacha, Máire agus Colma

Brídanna Ní Bhaoill agus cara

Muintir Mhic Niallais - an t-aos óg, a chuir an ceol ar fáil chomh maith
Míde, Seán, Lia agus Riada

Caitlín Nic Niallais agus Regina Uí Chollatáin (UCD)

Áine Ní Churráin agus Caitlín Nic Nic Niallais

Deirdre Learmont lena slad leabhar

Dónall Ó Cnáimhsí

Cathal Poirtéir


*Piceanna le caoinchead Linda Keating

Sunday, 25 October 2015

An Prionsa Beag

http://www.eabhloid.com/?works=an-prionsa-beag

Leabhar gleoite is ea é 'Le Petit Prince' in aon teanga. Mar a deir Eoghan Mac Giolla Bhríde, aistritheoir an leagain seo den leabhar, is i Spáinnis ar dtús a léigh sé féin é, aistrithe ón Fhraincis. Tá go leor ama caite aige ar an aistriúchán seo thar na blianta, agus i ndeireadh na dála tá Saint-Exupéry  réidh le gabháil amach agus croithe óga agus aosta a cheansú arís. Pléann Liam Mac Cóil buanna liteartha an leabhair ANSEO

Ní hé seo an chéad leagan Gaeilge den leabhar, ar ndóigh. Tá aistriúchán ag Breandán Ó Doibhlín ó 2007. Ach seo leagan a bhainfidh daoine sult as chomh maith. Is Gaedhealg seachas Gaeilge atá ann, sé sin leagan i gcanúint Chúige Uladh, ag leanstan foirmlí scríofa na teanga mar a labhraítear í an taobh sin tíre. Tá buanna aige seo, ní amháin ó thaobh nádúrthacht na teanga de, ina nathanna agus ina bhfoirmeacha, ach beidh sé fiche uair níos fusa a léamh don pháiste sa leaba san oíche! Bhain mé féin an-sult as seo as siocair an meascán mearaí de chanúintí atá i mo chuid Gaeilge labhartha féin, i ndiaidh tréimhsí a chaitheamh ó dheas, thiar agus ó thuaidh. An dlaíóg mhullaigh agam féin ná na blianta caite sa seomra ranga le daltaí scoile nár thuig mo chuid Gaeilge, nár thuig mo chuid Béarla agus a chuir iachall orm mo bhlas is mo shnas a athrú ar mhaithe leis na stóiríní céanna a choinneáil ó bheith ag déanamh damáiste dá chéile ná don seomra ranga. 'Múin an páiste, chan an t-ábhar'...

Anois tá mé fágtha gan dúchas, ach ní gan dáimh. A luaithe is a thóg mé an leabhar bhí gach 'thoisigh' agus 'cha dtug' mo thabhairt ar ais go laethe m'óige. Bainfidh Conallaigh agus Ciarraígh - agus Connachtaígh - sult as an leabhar seo, óg is aosta. Agus lucht uchtaithe na Páile? Cuimhneoimid ar laethe ár n-óige...



Tá na léaráidí a bhí sa bhunleagan Fraincise ag an leagan nua Gaeilge seo chomh maith.

Beidh Éabhlóid - an comhlacht foilsitheoireachta - ag seoladh 'An Prionsa Beag' ag Oireachtas na Gaeilge 2015. Déanfaidh An tAistritheoir Mór (mór i gclú, mór i gcroí), an Dr. Antain Mac Lochlainn an t-aistriúchán a sheoladh.

Aoine, 30 Deireadh Fómhair,  @ 5.30
Seomra Rathcoole
Ionad Fóillíochta
Óstán Citywest