Wednesday 27 April 2016

Lá an Rí

Seacláid the ar an chanáil
Tá an lá fuar, gaofar agus an fhearthainn ag bagairt - agus na clocha sneachta.  Inniu Lá an Rí - Moore St. meets Lá 'le Pádraig meets An Twalfth. Lá na Banríona a bhí ann le linn Beatrix ach tá Willem-Alexander acu anois - Liam Buí eile.

Tá siad uilig amuigh ar na sráideanna feanntacha inniu agus a gcuid oraiste á chaitheamh acu mar a chaitheann na hÉireannaigh an glas. Níl mórán daoine sna fichidí ann mar bhí siad uilig amuigh ag ragairneacht aréir go dtí a cúig nó a sé ar maidin. Díreach agus iad féin ag teacht abhaile i Ljouwert, bhí an chéad thonn de na díoltóirí dara láimhe ag teacht amach, go moch, agus daoine ag teacht amach leis na hearraí a cheannach.

Is cuma cé chomh mór ná chomh beag le do chuid earraí inniu, tá cead agat dul amach, spás a aimsiú ar an tsráid, blaincéad a spréadh amach agus do chuid earraí a dhíol.


Tagann 'an stuif maith' amach  go luath, agus imíonn sé chomh gasta. Ach bíonn daoine ag teacht amach ar feadh cúpla uair aa' chloig lena gcuid stuif ar feadh cúpla uair a' chloig anseo is ansiúd ar fud na háite i rith an lae. Is lá spraoi é do go leor páistí.




Ag daoine eile is seans é an teach a ghlanadh amach.
Níl aon pharaid na mórshiúl ann. Ach ar ndóigh, tá X Factor acu san Ísiltír agus daoine ag cleachtadh chuige sin  -

Má théann tú chuig Google.nl tiocfaidh tú ar go leor pictiúirí den ghrian is den uisce geal sna canálacha. Ní mar sin atá cúrsaí inniu, ar ndóigh. Tá sé geimhriúil amuigh inniu, agus na spéartha liath. Ach beidh a lá ag na Liamaigh, inniu,is cuma faoina aimsir.

2 comments:

  1. Lang leve de koning!

    en oranje boven!

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Tuairisc mhaith, mar is iondúil...grma!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.