Wednesday 25 February 2015

Lá na mBan



Bíonn Nollaig na mBan againn, nuair a chuireann mná a gcosa in airde ar stól le scíste a ghlacadh i ndiaidh dua na Nollag - réiteach bi, soláthar dí agus na rudaí éagsúla a bhaineann le tréimhse saoire. Ach gurb annamh a bhíonn saoire ag bean, seachas má thógann sí saoire in óstán, gach rud curtha roimpi gan lámh le hardú ach chun tuilleadh tae a iarraidh. Léiriú ar ár sochaí a chuir freagracht tí ar chineál amhain - go hoifigiúil, ar ndóigh, sa bhunreacht - agus a choinníonn an deighilt seo greannta sa bunreacht inniu féin.

Seo chugainn roimh i bhfad Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ceiliúradh ar na buanna uilig atá ag mná an domhain. Cluinfimid go leor firmhínitheoirí ag gearáin 'cén uair a mbeidh ár lá-sa  againn, mar fhir?' Freagra: 365 lá sa bhliain, de réir na staitisticí.

Beidh cúpla rud ar siúl an t-ochtú lá de Mhárta seo ag teacht. Beidh mé féin le scata ban a bheas ag ceiliúradh bliain eile ag an Fhéile PanCheilteach ar an oíche Shathairn sin, An mhaidin i ndiaidh na hoíche roimhe ag an chomórtas amhránaíochta de chuid na hÉireann, tá mé cinnte go mbeidh craic againn. Ceatharlach. Bí ann! Ó, ó, ó...mo chloigeann bocht.



Má tá fonn ort tabhairt amach faoi ghné ar leith den saol beidh fáilte romhat seasamh ar an bhosca oráiste agus do racht a ligint ag ócáid an NWCI. Ar aghaidh leat!

Beidh siamsaíocht ar siúl ag IMRAM in McGrattan's i mBaile Átha Cliath. I measc na bhfilí beidh Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. I measc na n-amhránaithe beidh Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín.


1 comment:

  1. An file bocht bun os cionn! Bhuel, b'fhéidir é..;-)

    Ag súil go mór le do chomhluadar an an bhFéile Pan Cheilteach, a chara, agus ag súil go mór le comhluadar na mban eile a bheas ann...Brighdín Carr agus a grúpa sa bhforhalla théis an chomórtais, arís....seisiún ceoil eile..!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.