An chéad oíche de shraith 'Sliocht' thart, ag Oireachtas 2015. Is mór an t-athrú saoil é, ó bheith ag plé saothair litríochta ar an chúrsa Ardteiste le daltaí dúshlánacha arbh fhearr leo bheith ag baint plaiceanna as a chéile le compás. Aréir bhí mé i seomra galánta in Óstán Citywest ag breathnú ar thóinín Alan Titley mar a sheas sé roimh an tábla ag léamh agus ag geáitsíocht trí 'Leabhar Nóra Ní Anluain' agus 'An Bhean Feasa', ag fanacht ar mo shealsa. Bhí tábla ag barr an tseomra agus muid féin - na scríbhneoirí - inár suí aige. Nuair a tháinig do sheal léitheoireachta, sheas tú agus shiúil tú go dtí an taobh eile den tábla, os comhair an tslua, na scríbhneoirí eile ar do chúl.
Déarfainn gurbh fhearr an radharc a fuair mé féin ar ... dhroim ... gach duine eile ná mar a fuair an triúr eile, Micheál Ó Conghaile, Anna Heussaff agus Alan ar mo ... dhroimse. Níl mé chomh tanaí is a bhíodh, ná gar dó.
Beidh trí oíche eile agam féin ag léamh le camchuairt 'Sliocht' i mbliana. Beidh Gaillimh agus Luimneach ar siúl níos moille an tseachtain seo.
Gaillimh, Dé Chéadaoin 4 Samhain |
Luimneach, Déardaoin 5 Samhain |
Beidh Béal Feirste ar siúl ar 20 Deireadh Fómhair sa Chultúrlann, sa siopa leabhair ann, an Ceathrú Póilí.
Béal Feirste, Aoine 20 Samhain |
‘Tá sin fíor, a Áine’ arsa athair Aoife. ‘Bíonn
an bóthar seo dubh le daoine i rith an lae, ach duine ná deoraí a tchí tú san
oíche, a Aoife. Seachas na leaids ón chlub sóisialta, ólta. Nó níos measa arís,
na joyriders. Maith an rud nach raibh carr ariamh againn i rith na
dtrioblóidí, nó bheadh sé sciobtha acu le dódh.’
‘Anois, sciobfadh an lucht ceirtlíse é le wheelies
a dhéanamh,’ a gháir máthair Aoife leis. ‘Agus dheamhan péas a thagann amach le
ceacht a theagasc daofa.’
‘Cár fhág
tú do charr féin, a Aoife?’ arsa a hathair léi.
Codlamh Sámh
Codlamh Sámh
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.