Sunday 4 January 2015

Nuair a thiteann an log ar an lag

Cherryvalley agus an clú a bhí air

Tá logainmneacha is logainmneacha ann.

Tá ainmneacha leathGhallda againn, ar ndóigh, in eastáit nua ar fud na tíre. Leithéidí Waynesford Downs, nó Cherryvalley Garth.

http://www.logainm.ie/en/1383466


Tá na cinn stairiúla ón impire againn. Bóthar Donegall i mBéal Feirste (tiarna), Bóthar Palmerston i mBaile Átha Cliath (tiarna), Sráid Bombay i mBéal Feirste (cathair san Ind)... Tchím go bhfuil muintir Palmerston i ndiaidh vótáil ar son ainm an cheantair a athrú go 'Palmerstown' - sa  nuachtán áitiúil inar léigh mé faoi seo, luaigh triúr comhairleoir an lúcháir a bhí ar dhaoine go raibh an 'W' 'le cur ar ais ann. Níor luaíodh aon áit gur ainm duine a bhí ann ó thús seachas ainm áite.

Palmerston


Agus tá na cinn againn a chuireann ag gáire muid, mar a chonaic mé ar Twitter anocht. Cluain Buinneach, Bod an Deamhain, Magairlí Muice, Pit na nGaibhlte. Mo bhuíochas le Dennis King agus Aonghus Ó hAlmhain, Hannah Rua agus an Daily Edge. Bhain sibh gáire asam anocht - rud beag níos suimiúla ná 'Prince Harry Lawns'...

Agus ní raibh agam ach an seancheann a bhain gáire asainn ar scoil, Tóin re Gaoith. Ó, agus an t-ainm is mífhortúnaí ariamh a báisteadh ar an droichead nua sin thar an Bhóinn, Droichead na Bóinne mar a bhí, Gabhal Mháire Mhic Giolla Íosa mar atá. Nooooooooooo............



No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.