Tuesday 6 January 2015

liosta gearr



Bíonn sé deacair gach duine a shásaimh. An t-am seo den bhliain bíonn liostaí de leabhair ann agus measúnú déanta orthu ar a maitheas agus ar a maíteacht.  Anseo thíos cúpla leabhar a léigh mé i mbliana a thaitin liom.




'Ausgewählt / Den Scoth'
Aistritheoir/Eagrú: Fergus Ó Néill
Féinfhoilsithe
Ar Amazon agus ar Smashwords

Níl Gearmáinis agam, agus mar gheall air sin fáiltím roimh an chnuasach seo de ghearrscéalta, aistrithe ón Ghearmáinis chéanna. Tá rian na Gearmáinise orthu ach ní miste sin, cuireann sé leis an saoithiúlacht. Tá rogha ábhair agus údair ann, agus níor mhiste liom dáta agus nóta beag eolais mar gheall ar an údar bheith taobh le gach scéal. Tá an leagan Kindle agam, .mobi, agus tá a fhios ag an tsaol mhór nach bhfuil leagan leictronach chomh solúbtha céanna le leabhar páipéir.

Fergus a scríobhann Rann na nGág a d'aistrigh is a chuir in eagar.







'Táinrith'
Biddy Jenkinson
Coiscéim

Cuireann sé isteach orm nach bhfuil ábhar Coiscéim ar fáil go leictronach, mar is ar an bhus is mó a léim leabhair anois,  agus ar an Kindle ar an bhus.
Cuireann sé isteach orm go bhfuil leabhar chomh máistriúil seo, chomh críochnaithe, chomh samhlaíoch, chomh hinsroichte sin eisithe gan rí-rá agus ruaille buaille agus go dtagaim air de thaisme sa Siopa Leabhair ag Conradh na Gaeilge.
Mar go bhfuil sé ar fáil i bhfoirm páipéir amháin, tá sé taobh le mo leaba, Is breá liom é a léamh blúirín ar bhlúirín, Gach oíche. Arís is arís eile.  An-sultmhar, an-spraíúil,




'Caillte i gConamara'
Eagarthóir: Brian Ó Conchubhair
Cló Iar-Chonnachta

Scríobh mé cheana faoin leabhar seo. Bhí sé mar chomrádaí taistil go minic i mbliana. Cnuasach dátheangach a chuideoidh  leis an fhoghlaimeoir agus leis an té nach cainteoir dúchais í. Thig an múinteoir a thógáil amach as an seomra ranga ach ní thig an seomra ranga a thógáil amach as an mhúinteoir.

5 comments:

  1. Beidh orm leabhar Fergus a fháil

    ReplyDelete
  2. Mo cheol thú, a Réaltáin! GRMA agus is breá liom gur bhain tú sásamh éigin as.

    ReplyDelete
  3. "...agus níor mhiste liom dáta agus nóta beag eolais mar gheall ar an údar bheith taobh le gach scéal."

    Bhí me idir dhá chomhairle faoi sin ag an am ach cuirfidh mé ina cheart é! (Ar bhealach éigin.)

    ReplyDelete
  4. grma, a Rann na nGág. leabhar an-sultmhar.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.