Tuesday 12 April 2016

Saol frysk: 1



Bhí lá fada ann inniu, ag eitilit agus ag traein-áil. Uair go leith ó Bhaile Átha Cliath go hAmsterdam, dhá uair go leith ó Amsterdam go Ljouwert. Tchítear dom go bhfuil an tír seo chomh glas le hÉirinn, ach go bhfuil an dreach tíre níos séimhe, níos ciúine. Ach níl anseo ach an chéad lá, ag bogadh sa traein ó fhoirgnimh arda Amsterdam go cúpla muileann gaoithe ar an seandéanamh go feirmeacha scoite i measc na bpáirceanna.

Bhain mé Ljouwert amach agus bhí an fear Frysk - teanga agus náisiúntacht - ansin le fáilte a chur romham, Syds. Tá mé in Kanaalstraat, agus mar a deir sé ar an channa, tá canáil ag ceann  na sráide. Chuir sé féin agus an bhean ar léi an teach ina mbeidh mé ag fanacht, Marije, an-fháilte romham. Tá an teach féin galánta i ngach ciall den fhocal - síleáil arda, soilse ardnósacha traidisiúnta, seomra te teolaí.

Ach ar an traein, bhuail sé mé go raibh mé anois i dtír a raibh níos mó cearta agam thar mo chorp féin ná mar a bhí sa bhaile. Tá mé féin i bhfad thar aois iompar clainne, ach tá mná óga sa bhaile atá ag agóidíocht ar son a gcearta anois féin, díreach mar a bhí mé féin, tríocha bliain ó shin.Tá iníon agam a bhfuil an truflais ceannann céanna le glanadh amach as a bealach le bheith ar chomhchearta lena SeanMhamaí dhóite. Ní áit ar bith é bunreacht dá leithéid.

 Chonaic mé mná ag dul abhaile ar an traein ón obair anseo san Isiltír agus fios acu go raibh siad féin in ann cinneadh a thógáil ar a gcoirp féin, an focal draíochta sin, 'rogha', acu. Mar i deireadh na dála is ceist rogha í. An rud is toil le gach bean ag an mhóimint sin ina saol. Gan cás, cíos ná cathú. Agus cibé rogha a ghlacann sí, ginmhilleadh nó iompar clainne go téarma, ar cibé fáth atá aici féin, sin sin.

Sin an rud a chonaic mé ar an traein inniu.

1 comment:

  1. Saol frysk?

    Saol Iersk agat, sílim. Fág Éire ar leataobh agus líon do shúla leis an Fhriaslainn.

    Fearn,

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.