Saturday 8 November 2014

An Clinic Spóirt is an Lámh Láidir



Mar a tharlaíonn, tá gaol agam gur dochtúir comhairleach spóirt é. An mórmhaíomh atá aige féin ná nach bhfaca sé duine tinn le 30 bliain anuas. Daoine le gortaithe spóirt, cinnte. Ach tinn? Nah. Tá an córas sláinte ó thuaidh den bharúil gur gort imeallach atá aige chomh maith. Fuair sé scor iomarcaíochta ón chóras poiblí ar na mallaibh mar gheall ar chiorruithe sa chóras sláinte. Ach tá an cleachtas príobháideach ann i gcónaí.

Ceist amháin agam, mar sin. Tá an-chuid dúshlán ag an rialtas faoi láthair. Airgead. Uisce. Ciorruithe sa chóras sláinte, sa chóras oideachais.  Mná a d'fhulaing simfiseatóime. Toghcháin sa  todhchaí. Caidreamh leis an Eoraip. Caithfidh nach bhfuil am saor fágtha ag aon Aire ná binseoir tosaigh ar chor ar bith.

Ach ina dhiaidh sin, bhí an t-am ag an Taoiseach cuairt a thabhairt ar Chlinic phríobháideach chun é a oscailt go hoifigiúil. Clinic spóirt. Agus príobháideach. Thóg sé am as a sceideal gnoitheach ag dul trasna na cathrach chun áit ghnó a oscailt, in éineacht le cairde.  N'fheadar cerb as an duine ar leis an áit? Ní bheadh aon bhaint aige le Muigh Eo, cinnte?


2 comments:

  1. Ní bheadh aon bhaint aige le Muigh Eo, cinnte?

    Cinnte nach mbeadh! Nach bhfuil a fhios ag an saol nach mbíonn na Fine Gaeligh ag ciúthúráil! (Nó má bhíonn, is le gotha cráifeach a dhéanann siad é. ;) )

    ReplyDelete
  2. "Tá an-chuid dúshlán ag an rialtas faoi láthair. "

    Tá muis, an t-aon dóshlán amháin a bhí riamh ag aon phoiliteoir: fanacht i gcumhacht.

    Mar sin, an dallamullóg a choinneáil ar an phobal chomh minic is is féidir agus mil a chuimilt le lucht gnó.

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.