Saturday 17 January 2015

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge




Tháinig sé ar an tsaol inniu. Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Sin é. Is dóigh liom. Idir an chaemo agus an histireachtóime tá an intinn friochta agus níl mé in ann ainm a choinneáil ann a thuilleadh.

 Bhí an chéad chruinniú ann  in Ionad na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath. Caoga ego in aon seomra amháin, nach lia duine ná tuairim! Agus bhí tuairimí go flúirseach ann, alright.

Mar a tharlaíonn, agus mé ag amharc thart ar an seomra, bhí níos mó i láthair  - de scríbhneoirí - ná mar a bhí de cheannaitheoirí/léitheoirí leabhair ag cúpla seoladh a raibh mé istigh ann thar na blianta. Éacht déanta ag Cathal Póirtéir, an té a d'eagraigh an ócáid.

Má tá spéis agat ann, más scríbhneoir úr, óg, aosta, tobartráite ná eile thú, cuir scéal chuig Cathal gur mhaith leat tuilleadh eolais.

cathalpoirteir  ag  gmail  ponc  com


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.