Friday 27 March 2015

Mná láidre gan mhúineadh

Cuntasóir

Nach bhfuil sí gleoite! Amharc an gúna álainn atá uirthi! Dóighiúil. Tarrantach. Dathúil. Sin na gnáthrudaí a ghlaotar ar chailíní beaga,  Moltar do chailíní beaga bheith múinte, ciúin, cute-eáilte. Cha bhíonn siad láidir ná ceannasach ná cliste. Fiú sa lá atá inniu ann.

dlíodóir

Bhí mé ag amharc ar chúpla clár ar na mallaibh ar an teilí, cláir thuairimíochta agus nuachta. TG4 agus RTÉ. Agus dheamhan rian de bhean orthu. Bhal, molaim do na stiúrthóirí gabháil chuig cúpla foinse chun teacht ar mhná móra míofara gan mhúineadh le labhairt amach ar a  gcuid clár. Tá Women On Air  ann. Tá mná ag caint ar Twitter agus ar Facebook. Tá siad ar fhóraim shóisialta agus ar fhóraim fhrithshóisialta chomh maith.

innealltóir

Mar shampla, rinne mé liosta beag gairid de na mná míofara a tháinig isteach i mo cheann a bheadh sásta labhairt ar raidió nó ar an teilí, nach polaiteoirí ná iriseoirí leis na meáin mhóra iad. Cúig bhomaite a chaith mé aige seo agus seo an méid ainmneacha a dtáinig mé orthu taobh istigh den achar gairid sin: Áine Durkin, Brenda Ní Ghairbhí, Ciara Ní É, Íte Ní chionnaith, Lisa Nic an Bhreithimh, Máire Burns, Máire Ní Ghabháin, Mairéad Ní Oistín, Paula Melvin, @tuigim. Níl an liosta seo iomlán ná a leath de. Níl ann ach blaisín beag bídeach.

eolaí

Dá mbeadh mo shaol le bheith agam athuair ní bheinn leath chomh gleoite, múinte is a hinseadh domh bheith an chéaduair. Agus ní dóigh liom go mbeadh na mná thuas ach an oiread. Ní liosta iomlán é sin, níl ann ach iarraidh bheag ar an tallann atá amuigh ansin nach bhfuil craoltóirí móra na tíre seo ag tarraingt orthu.

Déan Carghas ar na fir, a chraoltóirí, nuair a bheas an Cháisc thart. Bíodh súil eile agaibh i ndáiríre.





No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.