Wednesday 8 April 2015

ó thuaidh, ó dheas



Nuair a bhí mé sna déaga i mBéal Feirste, thagadh Arm na Breataine thart ar na tithe lena ngunnaí móra is a gcuid leabhar nótaí. Bhídís ag cruinniú eolais - cén dath a bhí ar an chairpéad sa seomra suite, cén patrún a bhí ar an pháipéar bhalla sa halla. Chruinnigh siad na fíricí seo ar fad le chéile agus choinnigh siad iad ar ríomhaire nó i gcomhad áit éigin. Ansin, má stop siad thú amuigh ar na tsráid chun tú a chuardach le haghaidh gunnaí nó buamaí, nó chun tú a cheistiú - cá bhfuil do thriall, cá bhfuil tú ag teacht as, cad chuige, ainm, seoladh, dath péinte sa seomra folctha - bhí siad in ann tú a mheaitseáil leis na freagraí a bhí acu sa bheairic ar an ríomhaire, le cinntiú gur thusa thú. Sna seachtóidí ó thuaidh. Leis na heileacaptair ag sábháil os ár gcionn, ag faire orainn de lá is d'oíche.



Tháinig sé seo i mo cheann arís nuair a chonaic mé an ceisneoir atá Uisce Éireann ag cur amach chuig roinnt custaiméirí, ag fiafraí cén dath atá ar an doras. Mar níl aon chóras postcóid sa tír. (Ní hann do Loc8ion, ar ndóigh, nó an é nach bhfuil aon airgead fágtha acu i ndiaidh a dtuarastail arda a íoc le cearta a cheannach leis an chóras sin a úsáid?)



Mar a tharlaíonn, tá an dath céanna ar mo dhoras is atá ar fhomhór dhoras an eastáit seo - adhmad gan dath, ach snas air. An mbeidh cead de dhíth chun péint a chur ar an doras amach anseo? Nó an mbeidh cás dlí ann amach anseo mar gheall ar an eolas mícheart a thabhairt d'Uisce Éireann?

Tháinig an smaoineamh seo isteach i mo cheann arís mar bhí heileacaptar os mo chionn an mhaidin seo an t-am ar fad. Bhí mé amuigh sa ghairdín ag cur cóir ar na  plandaí faoin ghrian. Agus díreach mar a tharla sna seanlaethe i mBéal Feirste, tá na bleedin' heileacaptair i ndiaidh mé a leanstan... Níl mé i mo chónaí i Leamhcán, an dtuigeann sibh. Tá mé i mo chónaí i 'Leamhcan Theas', mar a dúirt bean bhaothghalanta liom tamall ó shin. Díreach mar a bhí mé ar an taobh mícheart den chathair i mBéal Feirste, tá mé ar an taobh mícheart den mhótarbhealach i Leamhcán anois. An áit a mbíonn na heileacaptair ag faoileáil thart de shíor, na gardaí ag coinneáil súil amach do mhangairí drugaí, is cosúil. Mar ní fhéadfaidís bheith ag faire ar Leamhcán, Thuaidh ná Theas. Éiríonn daoine tógtha fána cuid fálta anseo, chan faoina gcuid lusanna.

Ar ndóigh, beidh dath mo dhorais ar eolas acu anois chomh maith. Ag na fórsaí slandála agus na forsaí uisce reatha araon. I amanna, mothaím go bhfuil rotha mór ag iompú i gciorcail.  an tsaoil ag Dhéanfainn cupán tae dóibh mar a rinneadh ó thuaidh ag an tús ach chaithfinn íoc as an uisce...






1 comment:

  1. @ 'Side of the road the property is on'

    Bhfuil mé ar mo bhealach siar, nó ag dul soir, meas tú...;-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.