Saturday 8 August 2015

Crann Smola



Cuireadh an leabhar seo i gcló sa bhliain 2001 ach is leabhar stairfhicsin é agus ní chaillfidh sé a nuacht go cionn tamaill fhada, is dóigh liom. Léitheoireacht samhraidh agam féin i mbliana é, anois go mbíonn áiméar agam chuige. Ar ndóigh, is tráthúil an leabhar seo a léamh i rith an tsamhraidh cibé ar bith, ós rud é go luann sé nimh na bProtastúnach i mBéal Feirste i leith na gCaitliceach agus na nEasaontóirí - céad go leith bliain ó shin.

Tá neart eolais shóisialta againn anseo mar gheall ar an tréimhse staire seo agus mar gheall ar shaol na ndaoine - fir agus mná - agus páistí - i rith an treimhse sin. É sin ráite, tagann eolas leathan an údair salach ar an scéalaíocht in amanna agus níor mhiste an t-eolas sin a thabhairt dúinn mar rémhír nó mar iarmhír, mar a dhéanann leithéidí Edith Pargeter/Ellis Peters (Cadfael) nó Philippa Gregory (The Other Boleyn Girl). Tá an scéal taitneamhach go leor gan an oiread sin d'ábhar breise a chur isteach. Bíodh muinín againn as ár léitheoirí.

Tá an teideal féin crua, ach má tá, ta an t-ábhar féin dáiríre. Dúnmharfóir agus bleachtaire sa tóir air siúd sna blianta sin roimh ghutháin, roimh ríomhairí, róimh idirlíon, roimh aon ghléas leictreonach.

Bhí mé mall ag teacht chuig an phointe sin in úrscéalta nuair nach maith liom an leabhar a leagan síos, gur mian liom léamh liom go deireadh an scéil gan stopadh. Is dóigh liom gur mar gheall ar an eolas breise a cuireadh isteach ag tús an úrscéil, mar a luaigh mé cheana. Ach tháinig sin. Tugadh go leor eolais dúinn agus stop an scríbhneoir ag míniú agus thosaigh sé ag scéalaíocht i ndáiríre. Thaitin sé liom agus bhí casadh beag nó píosa breise ann ag an deireadh a choinnigh an luas go dtí an leathanach deireanach.

Má thagann an leabhar seo amach go leictreonach - agus níor mhiste liom é bheith ar Kindle le tabhairt liom ar an eitleán - níor mhiste léarscáil a chur leis. Ceann garbh, gan de dhíth air ach na bailte uilig a luadh. Tá tóraíocht i gceist anseo agus níor mhiste an rúta a fheiceáil.

Caithfidh mé anois an dara leabhar a aimsiú leis an údar céanna, Rí na gCearrbhach.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.