Tuesday 6 October 2015

Séasúr meala

Róisín ag plé SAD ag 9' 45"
Róisín, Máirín Ní Nualláin agus Irene Ní Fhlannúra  ANSEO

Caithfidh go raibh a fhios agam go mbeinn cuachta sa leaba an tseachtain seo le slaghdán, nó S.A.D., nó víreas, nó cibé caidé a bheir siad ar do ghaosán bheith lán de ... bhuel, just lán ... do cheann bheith tinn, nimhneach, tuirse shíoraí bheith ort, laige ... agus gan bheith in ann na jammies a bhaint go dtí an tráthnóna. Thig leat an bhean a thógáil as Bóthar na bhFál...

Tá mé uasdátáilte ar mo Facebook, ríomhphost agus Twitter. Tá an teilifís ar siúl sa choirneál mar níl mé in ann tabhairt faoi leabhair a léamh atá ar mo liosta le léamh. Is saineolaí mé ar Mrs. Bouquet, Grissom agus pearsana eile a bhíonn ar siúl i lár an lae.

Caithfidh go raibh a fhios agam. Bhí mé díreach i ndiaidh próca de chóir leigis an gheimhridh a chur síos cúpla seachtain ó shin, agus bhí sé réidh Dé hAoine. Gearrann sé tríd na smugairlí, triomaíonn sé scámhóga óga (bhain mé úsáid as le páiste de mo chuid a raibh asma air - choinnigh sé smacht ar an leacht sna scámhóga níos fearr ná aon leigheas siopa) agus cuirim mo mhuinín ann. Seo é an t-oideas - piceanna a thóg mé an tseachtain seo caite nuair a bhí mé ag bocléimtí thart faoin ghrian neamhshéasúrach, mé dochloíte, i mbarr mo shláinte...

1. Gearr oinniún i gceathrúna agus cuir i bpróca glan iad. Ní gá an craiceann a bhaint den oinniún.


2. Clúdaigh le mil.
3. Cuir an clár ar ais ar an phróca agus lig don sú ón oinniún agus don mhil meascadh le chéile. Tiompaigh an próca bunoscionn nó croith é anois is arís leis an dá leacht a mheascadh.


4. I gcionn coicíse nó trí sheachtain beidh an sú oinniúin uilig tagtha amach as an oinniún féin.
5. Bain an t-oinniún - nó a bhfuil fagtha de - amach. Cuir an próca san fhuaradán agus coinnigh ansin é.


Nuair a bhí mo pháistí féin óg fuair siad spúnóg den stuif gach lá - ní dhearna sé aon dochar, seans gur choinnigh sé go leor germs síos agus tá mé féin cinnte gur laghdaigh sé an leacht i scámhóga Mhiostar Asma. Ní dhíbreoidh sé S.A.D. ach laghdóidh sé comharthaí sóirt an tslaghdáin seo ata orm.

2 comments:

  1. Nárbh fhada go mbeidh tú ar do shean(phoc)léim arís!!

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Áiméan ar an mbeannacht!

    Agus, go raibh maith agat, a Réaltán, as d'oideas a roinnt linn.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.