Tuesday 17 November 2015

Bulfin agus 1915



Bliain eile, dráma eile. Ag súil go mór leis. 

 'Roghnaigh siad an bhliain mhí-cheart.
Roghnaigh siad an Oifig an Phoist mhícheart.
Ach bhain a n-Éirí-Amach (agus a gcuid amhrán)          
creathadh as Impireacht Shasana!'






Tá mo thicéad faighte agam ó chonaic mé tuít roinnt mhaith seachtainí ó shin ó Aonghus go raibh a chuid féin ceannaithe aige. Bhuail mé síos chuig an Amharclann an t-am seo anuraidh ar an oíche féin a raibh suim agam buaileadh isteach, ag smaointiú go bhféadfainn falróid-í-dáidh-dil-dáidh-dil isteach ar an oíche agus ticéad a cheannach ag an bhosca. Bhí siad díolta amach!



Is comhartha é sin ar fheabhas na scríbhneoireachta, na léirithe agus na haisteoireachta ag Aisteoirí Bulfin - dream amaitéarach - thar na blianta. Tá Aisteoirí Bulfin ar an ghrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bliain ó shin.



Bhuel, so, cad iad na hiontaisí atá romhainn i mbliana? Cad eile ach ceoldráma nuascríofa ag Aodh Ó Domhnaill a dhéanann ‘greannscrúdú’ ar Éirí Amach na Cásca. Is é Barry Barnes atá i mbun léirithe.





Mar a deir siad ar an 'Golden Girls'... Picture this...Cáisc 1915. Cuireann buíon bheag Óglach fúthu an t-éirí amach mór in aghaidh na Breataine a thosú bliain iomlán róluath – ag an oifig an phoist mhícheart... Faigheann Arm na Breataine gaoth an scéil gur gabhadh an oifig an phoist agus, níos measa fós, gur fhógair lucht a gafa Poblacht na hÉireann. Timpeallaíonn siad an ceantar agus fágann na hÓglaigh gan aon bhealach amach. Cad atá le déanamh ag na hÓglaigh óga? 

Ag súil go mór leis. Ticéidí le ceannach anois sula ndíolfar amach iad. 






Dátaí agus ionaid:



Amharclann Smock Alley,  Baile Átha Cliath 8

2, 3, 4& 5 Nollaig

Am: 8 pm

(01) 677 0014 agus www.smockalley.com



Cultúrlann McAdam Ó Fiaich,  Béal Feirste
  12 Nollaig

Am: 8 pm

(028) 9096 4180 agus www.culturlann.ie

Eolas eile:







No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.