Monday 11 January 2016

Litríochtaí






Léigh mé roinnt de 'Litríochtaí' le Daithí Ó Muirí thar an Nollaig. Deirimse gur léigh mé roinnt de. Roinnt mhaith. Ach chan uilig ag an am céanna.

Thug mé faoin léitheoireacht faoi thrí, cúpla lá i ndiaidh a chéile. Is leabhar trom, deacair é seo, ach tá seanchleachtadh agam ar leabhair throma, dheacra. Ach i ndeireadh na dála, ar nós 'Ulysses' le Joyce, le 'I'll go on' le McGovern - pastiche ar shaothar Beckett -  níor éirigh liom ceann scríbe a bhaint amach. De réir cosúlachta, mhothaigh Aonghus go raibh constaicí ann don léitheoir chomh maith - agus is craosléitheoir é siúd.

Dúirt an t-údar in agallamh le Raidió na Life gurbh é an t-aischothú a fuair sé ó lucht an Oireachtais  ná go raibh na scéalta éagsúla 'ró-chosúil lena chéile'. Tá mé ag teacht leis an tuairim sin, nó tá athrá agus athinsint ar na scéalta seo nach scéalta iad síos tríd an chnuasach. Bheadh sé contúirteach don sláinte iad uilig go léir a léamh in aon iarraidh amháin.

Frithscéalaíocht atá sna píosaí litríochta seo seachas scéalta - is teideal maith é ar na leabhar, ná ní gearrscéalta ná splancscéalta iad seo ach giotaí próis. Níl plota ná carachtair ná comhthéacs againn. Tá na focail lom, gonta.Ní tharlaíonn aon rud sa mhéid a leigh mé, ní dhéantar aon domhan fhisiciúil a chruthú ná a leagadh. Fanacht fuar a bhíonn ann d'aon léitheoir a bhíonn ag dréim lena leithéid.

Fágann sé seo rian na fealsúnachta (Nietsche, ar ndóigh) ar an leabhar seachas litríocht. Níl aon dabht agam ach go slogfaidh na coláistí tríú leibhéil an leabhar seo agus salann air, ach is doiligh pobal léitheoireachta eile a aimsiú dó. Tá sé trom, trom, trom.




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.