Sunday 24 January 2016

Mise agus 1916





Níl an bhliain ach ina thús ach tá mé ag foghlaim liom. Níl eispéireas gach duine ar an rud a chiallaíonn 1916 daofa mar an gcéanna. Bhí mé ag éisteacht le 'Mise agus 1916' ar an raidó agus bhuail sé liom nárbh ionann mo dhearcadhsa ar an Éirí Amach beag ná mór le dearcadh urramach na ndaoine ar fad a labhair faoin ócáid ar an chlár. Fágadh ar lár mé, mé féin is mo chine, sa cheiliúradh seo, mar dhuine ó na Sé Contaethe. Ní haon chathréim ná bua a bhain mo mhuintirse amach mar thoradh ar 'na caismirtí ó dheas'. Ní raibh aon fhuascailt i ndán do mo mhuintir ach blianta achrainn a leanann go fóill.

Ní mar a chéile don Pholaiteoir sa teach, ar ndóigh. Bhí a chuid seanuncailí agus a sheanathair ag freastal ar Scoil na bPiarsach, Scoil Éanna, ag an am, roinnt acu i bhFianna Scoil Éanna, 'Pearse's Own', mar a bhí orthu i mBéarla. Mic le Cú Uladh (na coileáin). Tá roinnt eolais agam ón Pholaiteoir sa teach ach tá tuilleadh eolais ag a chol ochtar, Niall Mac Fhionnlaoich. Tá mé ag cur air siúd a leabhar a scríobh faoin rud seo ar fad!
Scoil na bPiarsach
Chuaigh roinnt acu in éineacht lena bpríomhoide isteach go hOifig an Phoist. Chuaigh Diarmuid - an seanathair - síos ansin an lá dar gcionn. Bhí sé ag cailleadh amach ar an chraic, dar leis. Cuireadh ón fhoirgneamh é toisc (1) gur an Luan a bhí ann agus bhí an áit faoi léigear agus faoi ghlas agus (2) go raibh sé ró-óg. Ní raibh sé sé déag.

Tháinig na scéalta seo ar ais chun cuimhne mar gheall ar an phíosa a bhí ag Áine Ní Ghlinn (ag 39" isteach), agus í ag cur síos ar 'Eoghainín na nÉan', gearrscéal a scríobh an Piarsach. De réir bhéaloideas an teaghlaigh, ba é Diarmuid a raibh an Piarsach ag smaoineamh nuair a thosaigh sé ar an scéal. De réir na scéalta. Agus ba é Diarmuid a ghlac páirt Eoghainín nuair a léirigh siad dráma de sa scoil.

an t-ardán, Scoil na bPiarsach
 Ar ndóigh, níl mo chlannsa leath chomh hexciting ná chomh rómánsúil. Chuaigh seanathair amháin le Sinn Féin i dTír Eoghain, agus ansin tháinig sé go Béal Feirste ag obair ar na duganna. Ní raibh cead ah Caitlicigh dul ag obair sna longlanna. Obair sheasta a bhí ansin, agus choinnigh an dream ar bheagán fostaíochta cibé obair a bhí acu i bhfad ar shiúl ón dream ba lú fostaíochta. Níl móran cur amach agam air siúd, ná fuair sé féin agus mo mháthair mhór bás go hóg. 
Chuaigh an seanathair eile isteach in Arm na Breataine le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ag súil le Féinriail nuair a thiocfadh sé abhaile. Tháinig sé abhaile, ach ní féinriail a bhí roimhe ach críochdheighilt - teorainn nua. Chuaigh sé isteach in Arm Eile ansin, ach sin scéal eile. Ceann a bhfuil mé ag obair air i láthair na huaire.

Faoin am gur tháinig mé féin ar an saol, bhí ruaille buaille ann go fóill sa tírín ó thuaidh.  D'amharc muid ar na buamaí agus na caismirtí taobh amuigh den doras tosaigh. Bhí rudaí ag tarlú os comhair an dá shúil orainn. Bhí eagla a craicinn ar gach máthair sna ceantracha sin ina raibh sé ag tarlú ag smaoineamh ar a cuid paistí. Rinne gach máthair cinneadh dá cuid féin. Mo mháthair féin?  Níor pleadh polaitíocht ná stair os ár gcomhair sa teach riamh nuair a bhí muid óg.

Cúrsa staire churaclam na Sé Contaethe

Agus sin an chuid eile den phíosa raidió ag Áine Ní Ghlinn a chuir ag smaoineamh air seo mé. Deir sí go bhfuil alltacht uirthi nach bhfuil a fhios ag daoine óga cérbh é an Piarsach, ná go raibh Éirí Ámach ann agus í ag dul do scéal an Phiarsaigh sna léachtaí aici, mar 'Eoghainín na nÉan'. Chuala mé tracht ar an Éirí amach, cinnte, agus bhí a fhios agam gur fágadh ar an trá fholaimh 'muide' ina dhiaidh. Ach is cuimhin liom go fóill an t-iontas a bhí ar Chaitríona Hastings, an léachtóir filíochta fichiú haoise agam ar Ollscoil Nua Uladh ag deireadh na seachtóidí - mar a bhí ag an am - nuair nach raibh a fhios ag sciotar beag ó shráideanna Bhóthar na bhFál cérbh é Pádraig Mac Piarais. A Áine Ní Ghlinn - níl tú leat féin.

3 comments:

  1. Spéisiúil ... agus shíl mé go raibh mo mhic léinn féin eisceachtúil!!!

    ReplyDelete
  2. Suimiúil, mar is iondúil leat, a chara. Ag foghlaim liom...

    ReplyDelete
  3. Suimiúil, mar is iondúil leat, a chara. Ag foghlaim liom...

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.