Friday 5 February 2016

Síos chun na hAstráile



Caithfidh mé a admháil nach raibh mé ag súil le mórán ón leabhar seo, ón imprisean a d'fhág an clúdach orm - leadránach, seanfhaiseanta  - agus an blurba ar chúl an leabhair - lán d'anró an tsaoil. Thug Raidió na Life domh é le léirmheas a dhéanamh air don chlár Aon Scéal?  Shíl mé nach mbainfinn taitneamh as.

Ach bhí mé meallta. Tá an leabhar spreagúil, suimiúil agus sultmhar. Leaid óg a dhéanann a bhealach ó Éirinn chun na hAstráile in aimsir an ghorta. Tá sé lán coranna agus casanna, mar scéal. Tá an plota simplí ach go leor eachtraí le léitheoir a choinneáil gafa. Tá na carachtair dubh agus bán ach ní dochar é sin leis an aoisghrúpa seo. Tá gach bean ina stiúsaí nó ina maighdean - nó ina cailleach. Is laoch Gaelach nó feallaire gallda é gach fear.

Bíodh is go bhfuil am an ghorta i gceist ní ligtear don bhéal bhocht teacht idir an léitheoir agus an scéal. Is eachtraíocht agus aicsean atá anseo seachas cur síos ar na laethe fadó.

Níl se rófhada, ní bhfuair mé mé féin ag tnúth leis an chéad chuid eile den scéal, mar tháinig an t-aicsean go sciobtha, réidh. Chan ionann agus scéalta eile a dhéanann an t-ábhar a chogaint agus a shlogadh thar i bhfad barraíocht leathanach, tá an scéal seo tomhaiste, gonta don léitheoir seachas don té a bhí á scríobh. 

Tá go leor de stair logánta Thiobráid Árann ann, an iomarca in amanna. Deirtear gur cheart don scríbhneoir go leor taighde a dhéanamh ach gan ach an deichiú cuid den taighde sin a úsáid ina cuid scríbhneoireachta. Níorbh fhíor don mhana sin anseo -  is amhlaidh go raibh píosaí a bhí níos gaire don iriseoireacht ná don scríobh cruthaitheach. Ar ndóigh, tá scríbhneoirí eile a dhéanann amhlaidh, agus i bhfad níos mó den iriseoireacht ná a dhéanann Ua Cearnaigh anseo, go háirithe le húrscéil stairiúla. Teist ar an chríochnúlacht is ea é gur ghearr Seán Ua Cearnaigh siar ar an taighde/iriseoireacht, ach gur shleamhnaigh roinnt de tríd an eangach - rud gur cheart d'eagarthóir (eagarthóir, chan profléitheoir) a aithint.

Is léir gur scéal é do dhaoine óga - idir 12-14,  má tá an Ghaeilge ar a dtoil acu, beagáinín níos sine má tá siad ag foghlaim. Tá gluais Gaeilge-Gaeilge ar a chúl, fosta, a chuideoidh le foghlaimeoirí. Ba bhreá cúpla íomhá taobh istigh sa leabhar féin, le cuidiú le léitheoirí óga, ach  faraor níl aon cheann ann.

Ná meastar an leabhar seo ar a chlúdach - is leabhar é a sheasas an fód.
Síos chun na hAstráile le Seán Ua Cearnaigh


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.