Sunday 14 February 2016

Toghchán 2016

Cuireann Dennis ceist orm trí Twitter, 'cé acu ceann is fearr leatsa?', agus é ag trácht ar na páirtithe polaitiúla. I ndáiríre, a Dennis, mar is iondúil, níl an oiread sin muiníne agam in aon pháirtí ar leith acu. Beidh mé ag vótáil ar an lá mar is gnáth - mná ar dtús, agus ansin in ord 'droim ar ais' - cé acu de na fir atá fágtha nach gcuireann isteach orm an oiread sin is nach bhfuil siad chun uimhir a fháil ar chor ar bith?

Cé tá ag rith i mo cheantar?


John Curran
Frances Fitzgerald
Paul Gogarty
Lorraine Hennessy
Clare Leonard
Derek Keating
Gino Kenny
Anne-Marie McNally
Eoin Ó Broin
Francis Timmons
Joanna Tuffy
http://irishpoliticalmaps.blogspot.ie/2015/12/2016-general-election-candidates-dublin_25.html

Sa chéad dul síos, tá mé sásta nach bhfuil Lucinda ar mo pháipéar. Ní fhéadfainn vóta a thabhairt di, in ainneoin is gur bean í.
Ní dóigh liom go bhfuil na mná a bhaineann leis na páirtithe seanbhunaithe intrust, ar ndóigh, mar vótáil siad in éadan Bille a rinne  Clare Daly iarracht a chur tríd. Anois tá siad á ra go bhfuil siad ag tacú leis an choiste foclaíochta-in-áit-gníomhaíochta a mhaíonn an dá pháirtí acu don Ochtú Leasú, is 'déan mar a deirim, chan mar a dhéanaim' atá acu.

Ó thaobh na mban eile ar mo pháipéarsa, is daoine gan taithí iad ach níl ach dóigh amháin le taithí a fháil ...

An mbeidh mé ag brath ar aon díospóireacht ar an teilifís  dul i bhfeidhm orm? Ní  bheidh. Is iomaí rud a deirtear i rith feachtas toghchánaíochta nach gcuirtear i gcrích. Tuigeann an tUasal O Coinín é seo.

O thaobh na bhfear de, tá Fianna Fáil glan in éadan An tOchtú a tharraingt siar. Taobh amuigh den stair ata acu leis an tír a rith in am an rachmais agus in am an ghátair - stair nach féidir leo bheith bródúil as. Beidh mé ag cuartú na n-iarrthóirí eile ar liosta an NWCI sula dtéim isteach chuig an ghaelscoil síos an bóthar le vótáil. Seachas Gogo 'Fuck you, Emmet Stagg, fuck you' Gogarty  (b'fhearr liom da gcloífeadh sé leis an cheol... saghas). Agus Derek bocht Keating nach bhfaighidh suíochán ar ais an iarraidh seo. Tá sé 'ar son na beatha' - roimh bhreith, ar ndóigh.

Ach i ndeireadh na dála (sic), a Dennis, caithfidh mé a rá nach raibh mé chomh ciniciúil faoi pholaiteoirí agus faoin pholaitíocht le fada fada an lá. Ach nach spórt fola neamhbheo (sic eile) maith é!


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.