Tuesday 3 May 2016

Náire





Ceithre sheachtain ó shin, beagnach, chuaigh mé chun na Freaslainne chun cónaitheacht scríbhneoireachta a chur i gcrích.  Sular imigh mé, luaigh m'athair liom gur throid seanuncail leis in éineacht leis na Bóraigh, in éadan impireachta Shasana.

Sin tús an scéil a chuir mé romham a scríobh agus mé thall. D'iarr mé cuidiú agus teagmháil le staraithe agus socheolaithe agus mé ann.Tá mé fós ag fanacht...

Tháinig mé abhaile mar gheall ar an easpa teagmhála le daoine thall ansin, an easpa comhoibrithe liom - mar gheall ar an uaigneas.Chaith mé cúpla lá gealgháireach le cara in Antuairp - ar chuir a fear céile an-suim sa scéal agus a chuidigh go mór liom. Is san Antuairp atá an comhartha sráide thuas lonnaithe, i gceantar a tógadh le hór agus le seoda na hAfraice. Ansin, chaith mé cúpla lá sa bhaile.Labhairt le daoine. Daoine os mo chomhair amach - fuil ina gcuisle agus feoil ina gcnámha.

Tá mé ag pilleadh don mhéid atá fágtha den chónaitheacht agus súil agam go mbeidh cúrsaí feabhsuithe. Beidh le feiceáil.



Níl a fhios agam an mar gheall ar easpa tuisceana, easpa cumas eagruithe nó easpa cumas fáiltithe a bhfuil na Freaslannaigh chomh beag beann ar aoi atá tagtha ina measc go cionn tréimhse. Seans gur aifeáltas atá ann, seans go bhfuil mé ag brú cnaipí den stair a bhfuil siad ag iarraidh ligean le sruth is le dearmad. Ach bhí Art Ó Gríofa agus Seán McBride agus trí chéad Éireannach amuigh ansin ag cuidiú leis na Bóraigh, stát sóisialach a bhunú - do dhaoine geala amháin. Má tá mé féin in ann a admháil go raibh an stair sin náireach, cén fáth nach mbeidís siúd?

1 comment:

  1. Dearna leat agus misneach chugat.

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.