Sunday 30 October 2016

Bairín breac

D'athraigh na cloig aréir anseo. De réir na gclog, tá sé fiche i ndiaidh a hocht anois. De réir mo choirp is i ndiaidh a naoi atá sé, agus beidh, go cionn roinnt seachtainí.  Chuala mé mo chomharsa ag imeacht chuig an mharatón uair a' chloig ó shin. Ar a rothar. Déanfaidh sé an cúig chiliméadar déag isteach go lár na cathrach ar a rothar, ansin rithfidh sé an maratón, agus ansin tiocfaidh sé amach arís ar a rothar.

Níl neart air. Caithfidh mé suí agus cupán tae bheith agam. Agus slisín den bhairín breac a rinne mé inné. Tá mé lag just ag smaoineamh ar an aclaíocht sin ar fad.

Seo na comhábhair a chruinníonn tú don bhairín breac an tráthnóna roimh ré:
2 phunt torthaí tirime (900 g)
1 phunt siúcra donn (454 g)
3 chupán tae/ meascán den tae agus uisce beatha

Is féidir leat do rogha torthaí a úsáid - iad bheith 'measctha', ó na siopaí, nó sultanaí agus rísíní, nó roinnt sílíní bheith caite isteach. De réir mar atá agat sa chófra. Bhí roinnt pín-úll tirim agam i mbliana agus tá siad thar a bheith blasta sa cháca.


Muna bhfuil siúcra donn agat, siúcra bán.


Cupáin - muna bhfuil agat ach mugaí, muga go leith nó mar sin. Tae gan bainne, ar ndóigh.


Cuir na comhábhair luaite thuas isteach i mbabhla mór. Caith isteach cúpla deor uisce beatha má tá a leithéid sa teach agat. Measc iad, clúdaigh an babhla agus fág an meascán thar oíche.




An lá dar gcionn - nó an lá ina dhiaidh sin arís, muna bhfuil an t-am agat - ní thógánn sé ach cúpla bomaite an bairín brac a ullmhú le caitheamh isteach san oigheann. Bíodh trí stáin bhácála 6" nó dhá cheann 8" smeartha agus réidh. Úsáid páipéar ime leis na stánacha a smearadh, nó sprae ola. Cuir páipéar gréiscthe - gearrtha agus in oiriúint don mhias bácála - isteach iontu fosta.

Sa mhullach ar an mheascán fliuch, caith:

aon phunt plúir (454 g)
3 x spúnóg bheaga púdar bacála muna bhfuil sé istigh leis an phlúr (muna bhfuil sé 'féin-éiritheach')
3 x ubh bhuailte
spíosraí de réir mar is mian leat iad (caineál, sinséar, noitmig)


Measc iad.


Doirt isteach sna miasanna bácála iad.
Déan an rud a ndearna mé dearmad air i mbliana. Caith bonn airgid agus fainne isteach i ngach mias - páipéar gréiscthe craptha thart orthu.

Uair go leith in oigheann 'measartha' - 160 C, gas 3, 300 F
Ba cheart go dtiocfadh scian amach tirim má sháitear isteach sa cháca é.

Coinnigh na cácaí sna miasanna nuair a bhaintear amach as an oigheann iad, go dtí go bhfuaraíonn siad.


Tae. Im.


Agus... yeah. Tá an ceann sin cearnógach. Níl ach dhá mhias ciorclach agam! 'Nois, cupán eile tae agus slisín eile den bhairín breac ...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.