Monday 14 November 2016

Bascais agus teangacha eile

Fryske Akademy
Má léann tú blag Chathail Phoirtéir ar a chónaitheacht scríbhneoireachta sa Slovéin, tiocfaidh tú ar thuras atá lán gníomhaíochtaí agus díograise, lán anonn is anall idir áiteacha agus daoine.

Tá lúcháir orm. Is cosúil go bhfuil sé ag baint sult as a chuid ama ansin. Ach beidh fáilte ar ais roimhe, anseo.

Ní hionann is atá an eispéireas ag an scríbhneoir Macadónach sa Fhreaslainn, Maria Makeska, is dóigh liom. Faighim an impreisean gur Groundhog Day atá i gceist léi sa stáitín thall, ar nós mo thréimhse féin. Scríobh sí abairt amháin a dúirt gach rud a mhothaigh mé féin:

'Frisian hospitality is very minimalistic, without too much food on the table...'

Tá sí iontach carthanach - cuireann sí síos ar chroithe móra...

ar an díog
Ach ní chuige sin a shuigh mé chun pinn. Bhí mé ag plé suíomh na scéime ar maidin ar an 'Bricfeasta Blasta', clár le Raidió na Life. Tá torthaí na scéime ag gabháil in airde ar an suíomh de réir a chéile. Píosaí ó na scríbhneoirí éagsúla ar an scéim, aistrithe go Béarla, Gaeilge, Macadóinis, Slovéinis, Bascais agus Freaslainnis. PDF de na píosaí ar fáil saor in aisce le híoslódáil ón suíomh.

Tá an scéilín agam féin i dtrí theanga ag an phointe seo, Béarla, Gaeilge agus Bascais. Míle buíochas le Juan Mari Mendizabal Sarasua a d'aistrigh 'Is iomaí Cor' go 'Bizitza ezustez beteta dago'. Anseoanseo. 
ar an díog ag Harlingen

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.