Thursday 15 December 2016

Mná sna meáin



Coinníonn Lucy Keaveney (@Luighseach) súil ar líon na mban atá páirteach sna meáin éagsúla i mBéarla sa - mar a déarfadh mo mhuintir - sa Saorstát. Inniu, chaith sí amach na figiúirí is nua -
RTÉ 22% de na haerthonnta líonta ag mná
Newstalk 25%
Today FM 23%

Ar ndóigh, níl na meáin Ghaeilge san áireamh anseo. Tá mé féin den bharúil gur mó líon na mban atá páirteach sna meáin raidió agus teilifíse trí Ghaeilge. Ach níl ansin ach tuairim. Gan staitisticí, níl aon fhianaise, aon bhréagnú ná aon chruthúnas ann. An bhfuil aon ábhar iriseora nó ábhar Máistreachta sa Chumarsáid ann a thabharfadh faoi seo?

Agus má tá, an bhféadfaidís cás-staidéar a dhéanamh ar cad chuige gur ar maidin a chraolann na mná ar Raidió na Gaeltachta agus fágtar na tráthnóntaí ag na fir?




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.