Sunday 12 March 2017

Glórtha ban!

Valerie Bistany, Stiúrthóir Áras na Scríbhneoirí, Éireann
Mar atá a fhios ag gach duine a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, ní thagann bus ach go dtagann an dara ceann sna sála air. Is mar sin a bhíonn ag mná thart fá 8 Marta. 


Satharn 11ú Márta. Ní luaithe ag teacht chugam féin i ndiaidh léamh Chéadaoin ná bhí ócáid eile ar siúl in Áras na Scríbhneoirí. Bhí siad ag cur fáilte roimh scríbhneoirí ban na sé chontae, mar tá, grúpa darb ainm Women Aloud. Mar gurb as an tuaisceart mé féin tá mé bainteach leis an ghrúpa. Ní neart go cur le chéile!

Chas mé leo ag an stásiún traenach an mhaidin sin. Bhí go leor ban sa ghrúpa nach raibh riamh i mBaile atha Cliath, ach i ndiaidh an lá a bhí againn Dé Sathairn, tá mé cinnte nach é an t-aon ruathair amháin a bheas sa Táin ag na mná seo!

Jane Talbot, bunaitheoir an ghrúpa
Shiúil muid suas Sráid Talbot agus suas i dtreo Áras na Scríbhneoirí. Bhí siad i ndiaidh bheith ag léamh ar fud an traenach ar an bhealach suas, agus ba dheas caife bheith ar fáil nuair a bhain muid an tÁras amach.
Áras na Scríbhneoirí
Agus nuair a chuaigh mé isteach, bhí cara romham sa chúirt...

Kaie McGreal (ar chlé), Valerie Bistany, stiúrthóir an árais ar dheis
Bhí go leor Gael i láthair ar an lá. Bhí daoine ag léamh ó dhubh go dubh an lá ar fad, a fhad is a bhí painéil agus cainteanna ar siúl i seomraí eile. 
Liz McManus i gcuideachta Éilís Ní Anluain

Celia de Fréine i mbun léite

Lucht éisteacht na léamha
Bhí Katie McGreal ag cur síos ar na pobail scríbhneoireachta agus ban a bhfuil sí páirteach iontu i mBéal Feirste, in éineacht le Gretha Viana ón Bhraisil, Shelley Tracey ón Afraic Theas agus Moyra Donaldson ón tuaisceart. 
Katie McGreal ar chlé, ar phainéal comhrá
Bhí filí, scríbhneoirí gearrscéalta, úrscéalta agus eile ag léamh i rith an lae, agus ag éisteacht. 

Aoife Ní Dhonnchadha ag éisteacht roimh a seal féin 
Bhí Lara Sunday ó Bhéal Feirste Thoir ann, bean atá ag foghlaim Gaeilge. Léigh sí a dán dátheangach, 'Bruach'. Rinne sí go maith!
Lara Sunday

Lá fada a bhí ann, ach lá thar a bheith spéisiúil. Chuaigh sé isteach gan stró. Bhí mé in ann siúl ó sheomra na léamha go seomra painéil go lón agus ar ais chuig seomra gníomhaíochta gan stad. 
Bhí mé fein ar phainéal darbh ainm 'Painéal an Chrandaí Bogadaí' - chuir muid síos ar chúramaí eile inár saol seachas scríbhneoireacht. Páistí, pásití le riachtanais speisialta, tuismitheoirí, tuismitheoirí le riachtanais speisialta ... Chuir sé iontas orm duine ar bith againn bheith inár bhfile faoi dheireadh an tseisiúin sin ...

Painéal an Chrandaí Bogadaí - Catherine Tinley, mé fein, Kerry Buchanan agus Kelly Creightn
Bhí muid réidh leis an lá agus amuigh ag léamh le chéile ag deireadh lae sa Gháirdín Cuimhneacháin in ard ár ngutha (Women Aloud) sula raibh a fhios againn go raibh muid tosaithe!
pic: Áras na Scríbhneoirí




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.