Thursday 25 April 2019

Cití, Kati, Katerina

Tháinig beart sa phost inniu. 'Cití' amuigh i gcló agus ar fáil.

Is fada leabhar ó thús ceapadóireachta (nó smaointeoireachta) go cló. Is faide arís an ceann seo nó d'fhás sé as gearrscéal - ar shíl mé novella a dhéanamh de - a chuir An tUltach i gcló i 2016.


As cuimhní a d'eascair an gearrscéal sin. Cuimhní ar mo mháthair mhór, Máltach a tháinig go hÉirinn i 1918. An Granny i Sráid Rockville i mBéal Feirste a chuir síos chuig an phoitigéir mé le buidéilín beag bídeach ola olóige a cheannach le cur ar a leitís. Salad Cream a chuir gach duine eile sa cheantar ar a gcuid sailéad, agus muide leis. Ach chloigh sí le nós a hóige. Sna blianta sin, ní raibh cannaí ná buidéil mhóra ola olóige le ceannach ón ghrósaeir. Níor ith tú an stuif, théigh tú suas ar spúnóg mhór í, le cipín lasta thíos faoi le doirteadh isteach i do chluais nuair a bhí an chluas sin nimhneach. Leigheas a bhí ann.

Bhí rudaí beaga eile a scar amach ó na mná eile ar an bhóthar í. An dath craicin - dorcha. An mandailín a sheinn sí - agus poirt Iodálacha, poirt as an ghnáth sa cheantar. An cúpla focal Malti a labhair sí linn. Gloine seirí nuair a bhuail mé isteach ar cuairt chuici Dé Domhnaigh ó bhí mé an-óg - i ngan a fhios do mo thuismitheoirí Éireannacha.


Chuir mé na cuimhní seo le scéalta mar gheall ar m'athair mór (a bhí marbh sular rugadh mé) agus le scéalta a d'inis mo thuismitheoirí faoi na laethe a bhí agus iad óg i mBéal Feirste. Is iomaí rud nar athraigh ó shin, faraor.

Agus taighde le seanchas a chinntiú. Agus samhlaíocht...




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.