Tuesday, 18 June 2019

Breithiúnas


Cuirtear os ár gcomhair arís agus arís eile an smacht a bhí ag an eaglais ar institiúidí 'an stáitín', mar a ba gnách le go leor daoine ó thuaidh a chur ar an Saorstát ó dheas (thug siad ainmneacha i bhfad níos measa ná 'saorstát' ar an stát 26 chontae, ach sin scéal eile.) Ach le cúpla lá anuas bhris scéal Majella Moynihan  agus tháinig go leor cuimhní ar ais chuig go leor againn a bhí óg agus torthúil sna blianta sin, mar na hochtóidí.

Ar ndóigh, an rud is sonraithí faoin chás seo ná chomh hoscailte agus chomh hoifigiúil is a bhí an cás - bean a briseadh óna póst as bheith torrach gan chuing an phósta a bheith uirthi agus í fostaithe sa Gharda Síochána. Tá leithscéal faighte aici ó na Gardaí ó bhris an scéal, agus é sin tuillte aici - agus tuilleadh. Thug sí an páiste sin a raibh sí ag súil leis chuig na húdaráis le huchtú - chaill sí an t-am a bhí dlite di leis an leanbh, chaill sí a sláinte ar feadh tréimhse agus chaill sí an slí bheatha a bhí aici.

Bhí mé ag cónaí le mo pháirtnéir ag deireadh na n-ochtóidí. Bhí beirt pháiste againn agus morgáiste agus billí - ach ní raibh muid pósta. Agus mé ag ionadaíocht mar mhúinteoir, níor chaith mé aon fháinne pósta, agus níor labhair mé faoi mo shaol pearsanta mórán i seomraí foirne. Ach má labhair, labhair mé go bródúil faoi mo bheirtse. Níor smaoinigh mé ariamh ar mo pháistí a choinneáil i bhfolach ag an obair - ach mar a dúirt bean eile liom -
'Páiste amháin, seans go gcuirfear ceist. Beirt? Ní smaoineoidís ariamh go bhféadfadh bean a bheith 'neamhphósta' agus cúpla páiste aici.'
Bhí an ceart aici, chuig pointe. Bhí scoil amháin ann agus bhí an rúnaí de shíor ag ceistiú m'uimhir cánach (na laethe sin, athraíodh d'uimhir cánach - mar bhean - nuair a phós tú, agus bhí códlitir ar leith ag mná singil agus códuimhir eile ag mná pósta). Chuir sí eagla mo chraicinn orm anois agus arís, ach ní dheachaigh sé ariamh chuig an phríomhoide, nó ma chuaig, ní dhearna sí faic faoi.

Is cuimhin liom scoil, áfach, scoil áirithe (clochar) ar chaith mé dhá bhliain ag obair ann. Bhí mé mór leis na páistí, bhí siad mór liom. Chuir siad 'Missus Bannaí' orm - mar chinn an príomhoide 'Bean Uí Leannáin'  a chur orm ón tús. B'fhearr liom féin Ms Ní Leannáin - ach bí an bhean rialta diongbháilte. Ar ndóigh, rinne na daltaí  'Bean Uí Leannáin' a ghiorrú go 'Bean Uí Leannaí', as sin go 'Bannaí' agus as sin go 'Mrs. Bannaí'.
Ach am éigin i rith an dara bliain caithfidh gur scéith an scéal nach raibh 'Mrs. Bannaí' ina 'Mrs.' Nuair a chuir me scáirt ar an scoil ag deireadh Mhí Lúnasa dúradh liom nach raibh aon jab ann domh ann a thuilleadh. Níor tugadh fáth, níor tugadh rabhadh. Ach bhí sé iontach soiléir. B'shin mar a rinneadh rudaí den chuid is mó an t-am sin - go slíocánta, gan a rá.

Bhí mé i scoil eile, ar ndóigh, nuair a tháinig cara ar an fhoireann, cara a raibh aithne agam air taobh amuigh den scoil, tháinig sé chugam.
'An suífinn le X, ag am lóin? Bhí tacaíocht uaithi.'
Shuigh mé léi.Go ciúin, mhínigh sí go raibh páiste sé bliana d'aois aici. Ach ní raibh sí féin agus a pairtnéir pósta, agus ar eagla na heagla níor luaigh sí le héinne ar an fhoireann go raibh páiste aici. Nuair a bhí múinteoirí eile thart uirthi ag plé ranganna snámha, nó coinní fiaclóra, nó cuairteanna chuig an zú, bhí uirthi srian a choinneáil uirthi féin. Bhí uirthi a páiste a choinneáil faoi cheilt. Agus le tamall anuas, bhí an t-ualach sin ró-throm le hiompar léi féin (sa láthair oibre).
Saol crua.

Bhí cara agam ar gharda í ag an tréimhse sin, ag deireadh na nóchaidí. Bhí sí féin neamhbhalbh faoi na gardaí. Phós sí mar bhí a fhios aici go gcaithfí amach as an fhórsa í dá mbogfadh sí isteach lena pairtnéir gan teastas pósta acu, agus fáinní, agus lá mór hataí.

Níor phós mé féin agus mo phairtnéir go dtí go raibh ár gcuid páistí 10 agus 12. Bhí mé ag obair i scoil ag an am. Ach níor luaigh mé le duine ar bith é. Ní hé go raibh eagla orm, faoin am sin. Ba chuma sa tsioc liom cad a déarfaidís. Shocraigh mé 'cover' do mo chuid ranganna  ó mhúinteoirí eile - dúirt mé go raibh lá speisialta teaghlaigh againn - agus d'imigh muid linn síos chuig an Oifig Cláraitheora i Sráid Molesworth. Rinneadh an beart oifigiúil.



Tá an oiread sin ban a briseadh as a bpostanna nó tugadh bata is bóthar daofa. Go hoifigiúil agus go slíocánta. Bhí na tithe maigdiléanacha ann an t-am go raibh mo chuid páistí agam féin, agus uchtú, agus nithe eile nach iad. Do mhná na 'háiseanna' seo ar fad, ar ndóigh. Agus na fir? Sin ceist eile...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.