Sunday 9 May 2021

Arlen House - fial i gcónaí


 http://arlenhouse.blogspot.com/2021/04/new-book-look-its-woman-writer-irish.html

Tá cnuasach nua amuigh a bhfuil an-stair shóisialta agus liteartha ann, mar tá, Look! It’s a Woman Writer! curtha in eagar ag  Éilís Ní Dhuibhne agus foilsithe ag Arlen House (2021). Tá scríbhneoirí Gaeilge ann, mar tá, Celia de Fréine agus Áine Ní Ghlinn agus ar ndóigh, an t-eagarthóir í féin, Éilís Ní Dhuibhne. Is í Ní Dhuibhne í féin a chuireann romhainn go balbh go gcreideann go leor daoine go gcuireann an focal ‘bean’ – mar scríbhneoir – cosc ar an nóisean ‘feabhas’ in intinn go leor leor daoine.

Roghnaíodh na scríbhneoirí éagsúla de réir aoise – rugadh iad uilig i lár na fichiú haoise agus bhí borradh an-mhór ag teacht faoi shochaí an stáit sna blianta go ndeachaigh siad i mbun pinn. Is foinse luachmhar í seo ar stair chomh maith le litríocht an tréimhse sin a shíneann ó lár na haoise seo caite go dtí an lá inniu.

Tá 21 scríbhneoir ann ar fad, gach duine acu ag cur síos ar ghnéithe éagsúla dá saol scríbhneoireachta. Roinnt de na hainmneacha, is cuimhin liom iad ó m’óige, nuair a las siad lóchrann domh i réimsí difriúla den saol poiblí, mná ar nós Evelyn Conlon- 'scríbhneoir agus feimineach seachas scríbhneoir feimineach', Liz McManus, an polaiteoir agus Medb McGuckian, an file. Roinnt eile, níl an oiread aithne agam ar a saothar – rud a insíonn a scéal féin ar a dhofheicthe agus is féidir le scríobh ban a bheith sa ‘chanóin’, scríbhneoirí ar nós Ruth Carr, Ivy Bannister agus Phyl Herbert. Is fiú aiste Herbert a léamh go mion – tá iontaisí de gach cineál ann, agus ábhar beathaisnéise iomláin seachas cúpla míle focal.

Aithneoidh daoine ainm Lia Mills furasta go leor, bean a tháinig ar 68 scríbhneoirí ban nár léigh sí riamh ná nár chuala sí fúthu sular thosaigh sí ar chúrsa MA i Staidéar Ban in UCD. 68 acu. Úsáideann sí an focal ‘dall’ sa chomhthéacs seo – go raibh an domhan liteartha dall ar mhná sa stair agus sa litríocht.

Tá roinnt eile de na hainmneacha atá i mbéal an phobail ann – Martina Devlin, Anne Devlin, Mary O’Donnell. Ach tá tuilleadh ann gur fiú a scrúdú sa leabhar seo.

Tagraíonn de Fréine don scannal Heipitíteas C, a bhuail í go pearsanta, i measc stair thar a bheith suimiúil ar fhás na litríochta sa tír seo sna blianta a chlúdaíonn sí. Ach is léir gur file í – molaim an t-alt deireanach san aiste seo a léamh.

Molaim chomh maith go léadh sibh píosa Áine Ní Ghlinn le go bhfaighidh sibh amach caidé mar a landáil sí ar bharda mháithreachais ag aois a sé déag ...

Mar a deir Conlon, ní hionann an guth ban a scríobhann fir agus guth na mban scríofa ag mná iad féin. Is léir ón chnuasach seo go raibh bealach fada achrannach ag an chuid is mó de na scríbhneoirí le go measfaí a gcuid guthanna mar is cóir, agus molaim iad as an dua a chur orthu. Ach gurb iad, bheadh jab na mban óga sa lá atá inniu ann fiche uair níos deacra.


 

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.