Friday 31 October 2014

An tSamhain is an t-Úll




Bhí mé amuigh leis an chiorcal scríbhneoireachta aréir le haghaidh deochanna na Samhna. Drochsmaoineamh inniu. Nuair ba cheart dom bheith ag tabhairt faoi scríobh inniu ní raibh mé in ann...

Mar sin de, thug mé faoi chúrsaí Samhna. Toirtíní úll. Ach tá beirt sa teach nach dtógann aon rud a bhfuil táirgí bainne ann agus duine acu nach n-itheann cruithneacht.Mar sin de d'úsáid mé speilt agus ola.




D'ullmhaigh mé  na húlla ar dtús.




An taos ina dhiaidh sin. Níor úsáid mé speilt ariamh roimhe. Nóta don chéad uair eile: tuilleadh uisce agus ola ná mar a úsáidim le gnáthphlúr. fiú i ndiaidh leathuaire san fhuaradán bhí an taos sobhriste, briosc.


Chuir mé liomón agus cnónna mionaithe isteach i roinnt den taos. Rinne sé seo difir mór agus thug sé blas sa bhreis don taos. Nóta! Cuir breis siúcra agus slann i dtaos speilte thar mar a chuirfeá isteach i ngnáthphlúr.


Tá an dath níos dorcha ná gnáthphlúr bán, ar ndóigh, ach ní raibh caill ar an bhlas.



Agus os rud é go raibh úlla milse againn, rinne an mac jab leis na briogúin a bhí fágtha sa chófra ón bharbiciú sa samhradh. Mar ní raibh muid in ann teacht ar chipíní oiriúnacha in aon siopa. Múineann gá seift...


Agus mo bhuíochas don chara a thug cuairt inniu agus bronntanas léi. 



2 comments:

  1. Neam neam neam! Tá Oíche Shamhna ag tosú anseo ar imeall an domhain anois. Tháinig an chéad chailín ón gcomharsanacht (agus a máthair agus a madra) chuig an doras cúpla nóiméad ó shin. Braithim saghas ciontach as a bheith ag dáileadh barraí beaga Milky Way in áit rud éigin a bhfuil níos lú siúcra ann. Ach, bhuel, ná bris nós ag an am seo bliana!

    ReplyDelete
  2. déarfainn go raibh níos mó siúcra sna húlla agam féin leis an candy ar an sean-nós!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.