Saturday 1 November 2014

Cith is Dealán


Bhí uisce go leor ann ag an léirsiú uisce áitiúil inniu. Ceathanna troma agus gan mórán solais le fáil - agus ní an Rialtas amháin atá i gceist. Thosaigh an fhearthainn go bog éadrom agus lean sí leis go raibh an stealladh ann.



Ach nár chuma leis an tslua. Aoibh orthu tríd na deora.



Léirsiú na scáthanna fearthainne.



Ar aghaidh linn ar an bhealach le bualadh le baiclí eile.



Faoin am a dtáinig muid go Baile Eoghain bhí grúpa eile ag fanacht linn. Leanamar linn, Lean an bháisteach léi. Tháinig na baiclí is na sluaite le chéile ar fud na tíre. D'imigh an chumhacht i mo cheamara - nach í an Tánaiste a bhí buíoch? - agus níor fhan mé ar na speechannaí ag deireadh - chuaigh mé sa tóir ar chaife agus foscadh agus teas.Agus stocaí tirime.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.