Sunday 7 June 2015

An bhfuil tú fós beo?

http://emilymcdowell.com/collections/empathy-cards/products/your-illness-is-not-a-journey-empathy-card


Tharla rud fíordheas domh inné. Fuair mé teachtaireacht phríobháideach ó dhuine ar Facebook, 'An bhfuil tú fós beo?'

Bhí sé fíordheas mar níor casadh an duine seo orm ariamh. Seachas a ghrianghraf clúdaigh, níl faic ar eolas agam faoi. Ní aithneoinn a ghlór da gcloisfinn é, ní fios domh faoina theaghlach ná an bhfuil clann nó páirtnéir aige. Tá á áit chónaithe breactha síos ar a phróifíl, ar ndóigh, agus bheinn i bhfách lena chreidbheáil. Deirtear linn bheith faireach faoi chúrsaí idirlín agus na rudaí a deir daoine nach bhfuil fíor futhu féin (ar chreid sibh i ndáiríre go raibh mé fiche a haon, fionn, ard, tanaí agus PhD sa réalteolaíocht agam? Nah. Sin mo dheartháir óg ...).

D'fhreagair mé an teachtaireacht phríobháideach. Léigh an duine seo póstáil a rinne mé inné mar fhreagra air seo. Físeán atá ann, déanta ag bean atá fíoróg don ailse mheiteastáiteach, ach a  bhfuil sé buailte uirthi. An duine a roinn an físeán, mhol sí '#checkyourself'.

baile Máire


Bíodh is go molaim an rud ceannann céanna, scríobh mé trácht go raibh cara agam le hailse mheiteastáiteach le blianta anois, agus nach raibh aon seiceáil a d'fhéadfaí a dhéanamh ina cás siúd.  Máire, a thug mé uirthi sa bhlag seo sa bhliain 2011. Tá sí fós beo ach ar chaemo fadtéarmach buan. Chomh fada is a mhairfeas sí beidh sí ar na piollaí beaga sin. Ach tá sí beo, tá saol aici lena clann agus lena muintir agus tá sí sásta go maith. Ar luaigh mé go raibh sí dall le blianta beaga anuas? Rud nach mbaineann leis an ailse ná leis an leigheas ar chor ar bith? Cuireann sé sin isteach uirthi i bhfad níos measa ná an ailse.

Ní raibh cnapán ná pian aici, tuirse ná tinneas uirthi. Ach chuaigh sí go dtí an dochtúir lá amháin le drochshlaghdán, mar a shíl sí, agus tháinig sí abhaile le hailse brollaigh. Trína corp. Sa bhliain 2011, scríobh mé -
 'Beidh leigheas maolaitheach curtha ar fáil, ach ní bheidh aon bhiseach i ndán di. Beidh samhradh amháin aici sa teach nua galánta, ach ina dhiaidh sin ní féidir tairngreacht ná tuar a dhéanamh.'

Tá sí sa teach nua galánta fós. Is ait an mac an saol. Seiceálaimis muid féin, cinnte. Ach tarlaíonn rudaí gan choinne chomh maith, idir nithe dóchasacha agus cúrsaí éadóchasacha.

Ach chun pilleadh ar mo chara Facebook. Mo bhuíochas mhór leat go deo, a chara. Is léir go bhfuil daoine deasa againn ón tír seo ar líne go fóill. Shíl tú go raibh an ailse tagtha ar ais arís orm agus bhí tú buartha. Go raibh maith agat, ach níl aon chúis imní ann inniu. Amárach? Cá bhfios. Sin an saol, agus ní bhím buartha a thuilleadh faoi sin. 

Déanaim aclaíocht, déanaim iarracht an meáchan a laghdú. Déanaim iarracht gan an iomarca fíona a ól, ach ar ndóigh ... 




Tá an ghrian ag soilsiú faoi láthair i mo gháirdín cúil. Tá na héin ag canadh i measc na gcrann. Beidh mé buíoch inniu as an lá atá romham inniu. Rachaidh mé amach ar ball nuair atá an cupán caife seo ólta agam agus tabharfaidh mé spléachadh ar na gasanna óga a chuir mé tamall ó shin ina síolta. Mar a deir m'athair, fear a shlánaigh 92 an tseachtain seo - 'Mhúscail mé! Sin bua!'





1 comment:

  1. Tá'n saol, agus ár mbeatha, le ceiliúradh, gan dabht, a Réaltán. Beidh gloine nó dhó fíona againn le chéile go luath...má chuirtear gloine os mo chomhair, ólfar as..;-) Sláinte, a chara!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.