Tuesday 8 September 2015

Cor sa chinniúint

Sráid Balaclava
Dhruid siad mo bhunscoil roinnt mhaith blianta ó shin. Scoil Naomh Uinseann, ar Shráid Dhún Lúiche i mBéal Feirste. Is léir gur ainmníodh sráideanna a tógadh ag an am céanna de réir téamaí tíreolaíocha. Bhí Sráid Dunlewey taobh le Sráid Chuain Ard, agus Sráid Phort Láirge. Bhí na háiteacha sin in Éirinn a bhí aontaithe ag an am, ach uilig go léir san impire ag an am.

Nó ainmníodh sráideanna ar chogaidh mhóra le rá san impire, nó idir impirí, mar a bhí Sráid Sevastopol agus Balaclava agus Plevna agus Osman. Agus bhí na bóithre móra ag macallú na mboc móra a bhí i réim san impire seo thar an chosmhuintir a chónaigh sna tithe beaga, mar shampla, na Tiarnaí Donegall agus Chichester agus Albert.

Ní raibh a fhios agam le tamall fada gurbh ionann Dunlewey agus Dún  Lúiche. Níor bhuail sé liom ariamh go raibh áit nó duine nó cogadh taobh thiar de na hainmneacha seo. Níor thuig mé ariamh go raibh ciall ar leith leis na hainmneacha. Ní raibh aon chur amach ar impire faoin am gur rugadh mé, ach bhí a rian ann.

Mar a dúirt mé, tá an scoil druidte anois. Tá ionad oideachais d'aosaigh ansin anois.  BIFHE. Níor chuir sé isteach orm ag an am. Bhí a fhios agam go raibh an foirgneamh sean agus fuar agus neart airgid le cur isteach ann. Tá cuimhní mhaithe agam den scoil ach tá droch-chuimhní agam chomh maith. Ar nós go leor againn.

Sráid Dunlewey

Ní ann do m'ollscoil ach an oiread.  Chuaigh mé chuig ' The New University of Ulster', i gCúil Raithin. Bhain mé ceim amach sa Léann Éireannach agus sa Spáinnis. Ní fhéadfaí 'An Ghaeilge' a lua mar bheadh sé sin ag gabháil thar fóir d'aondachtaithe na háite a sciob an tógra -agus na jabanna tacaíochta a bhain leis - ó Dhoire náisiúnach ag an am.  Go dtí an lá inniu caithfidh mé a chruthú gur Gaeilge - teanga - a bhí ar bun againn agus nach fancy-schmancy meascán de stair agus tíreolas agus scéalta faoi leipreacháin a bhí sa chéim.

D'athraigh m'ollscoil an t-ainm a bhí uirthi - 're-branding'. Tuigim an fáth. Ní thig bheith nua ar feadh do shaoil, ar ndóigh. 'University of Ulster' a bheadh iontu as sin amach.

Ansin, d'athraigh siad chuig 'Ulster'. Bhí go maith is ní raibh go holc. Maireann ollscoileanna ar mhaoiniú ó fhoinsí éagsúla, agus má tá focal amháin níos fusa le déileáil leis ag lucht maoine thar lear, bíodh acu.



Ansin, chuala mé gur athraigh siad Roinn na Gaeilge ó Chúil Raithin go Béal Feirste. Bhí mé ag déanamh mo mhacnaimh ar an cheann seo ar feadh tamaill. Níl mé ag obair san earnáil sin a thuilleadh agus mar sin ní chluinim an craic faoi caidé atá ag tarlú, i ndáiríre. Seachas na rudaí a fhoilsítear sna nuachtáin.  Tá a fhios agam go raibh go leor den fhoireann lonnaithe i mBéal Feirste agus ag taisteal idir dhá champas - Béal Feirste agus Cúil Raithin. Bhí a fhios agam go raibh dímheas ar an 'Léann éireannach' ag go leor de lucht na hollscoile i gCúil Raithin, ní mar gheall ar aon fháth céillí ach mar nach raibh meas acu ar chultúr gaelach ar chor ar bith. Bhí díomá orm go raibh an roinn is láidre de na NuaTheangacha imithe ó Chúil Raithin ar fad ar fad.

Ansin chuala mé go raibh na NuaTheangacha i gCúil Raithin le himeacht scunscan ó chlár na hollscoile. Vamoose, boys. Deireadh. Ar nós na Gearmáinise agus na hEabhraise in QUB. Slan, slán le teangachas. Ní bheadh aon áit sna sé chontae ar chor ar bith le Sínis ná Gearmáinis a fhoghlaim ag an tríú leibhéal.

Ag an phointe seo, is leor nod don eolach. Ní gá aon Dara Teanga (T2) a thógáil go leibhéal GCSE (scrúdú 16 bliana) sna sé chontae. Ní gá aon teanga (T2) bheith agat ag imeacht ón scoil ag aois 16 nó 18. Cuireann bunús lucht oideachais ó thuaidh 'modern FOREIGN languages' ar fhoghlaim T2 go fóill, Cuartaigh an téarma 'MFL' ar Google. Bhéarfaidh sé léargas duit ar mheon an teangachais sna sé chontae, agus an dímheas ag an phobal i gcoitinne ar theangachas. Tá meon na himpire beo leis. Ní gá aon teanga eile a fhoghlaim, cuirimid teangacha eile faoi chois.

bíodh lá maith na dteangacha agaibh!

Anois cluinim go bhfuil Ulster (sic) ag cur deireadh le cúrsaí lánaimseartha fochéime sa Ghaeilge ar fad ar fad. Seans go raibh duine éigin ag cogar i gcluas na n-údarás nach raibh sé ceart fáil réidh leis na Modern Foreign Languages eile agus an Modern Foreign Language is mó achrainne a choinneáil beo beathaíoch.

 Tá craiceann na polaitíocht ar an scéal áirithe seo. Craiceann an naimhdis agus an teannais. Tá meon na himpire beo go fóill, agus ní amhain sna hainmneacha sráide.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.