Sunday 6 September 2015

Suaimhneas an fhómhair

na gairdíní

Cé a dúirt go raibh an Tíogar Ceilteach marbh? Má tá, tá an créatúr i ndiaidh aiséirí a dhéanamh an fómhar seo. Shíl muid deireadh seachtaine a chaitheamh  - off season, anois go bhfuil na páistí agus na múinteoirí ar ais ar scoil - shíl muid deireadh seachtaine a chaitheamh ar saoire bheaga i Loch Garman. Chun cúpla gae solais a sciobadh ón phrácás seo de shamhradh liath a bhí againn.



Thosaigh mé a chuartú áit lóistín Dé Luain seo caite. Faic ar fáil sna hóstáin ar líne. Iad uilig ag maíomh go raibh siad lán go béal, gach seomra líonta. Faic ar fáil in go leor de na tithe lóistín. Bhí mé measartha siúráilte go bhfaighimis rud éigin áit éigin ar an bhóthar, ach ar eagla na heagla rinne mé iarracht amháin eile an mhaidin Aoine sin. Eureka. Teach lóistín amháin le oíche amháin - chan an dá oíche - ar fáil i gceantar Inis Guaire. Woodlands, i gCoill an Iarainn.

Ní minic a fhaigheann tú teach ósta/lóistín/leaba agus bricfeasta a mbíonn an cur síos ag teacht leis an eispéireas féin. Ach is mar sin a bhí. Só agus suaimhneas.



Bhí uibheacha ina suí ar leac an dorais nuair a landáil muid, ó fheirm sa chomharsanacht, is léir, don bhricfeasta an lá ar na bhárach. Níor luaithe istigh muid ná fuair muid sconnaí agus tae - i dtaephota airgid - sa seomra suite. Bhí an lá geal go leor go fóill agus chuaigh muid ar ais go dtí an bhalcóin sa seomra agus shuíomar amuigh ansin tamall, ag éisteacht leis na héin sa choill agus siosarnach na gaoithe i measc na gcrann.




Bhí gairdíní ann, cúirt leadóige, coill bheag, plandaí - agus 'honesty bar' - nach bhfaca muid ar an oíche ach an mhaidin dar gcionn.

Tógtar do rogha dí, caitear an t-airgead sa bhosca.


Dá mbeadh a fhios againn go raibh sé neadaithe isteach faoin staighre an oíche sin, ní ag tiomáint go hInis Guaire an oíche sin le haghaidh dinnéara a bheimis, ach i dtacsaí.

Só agus suimhneas i ngairdín na rósanna

Fuair muid na huibheacha an mhaidin dar gcionn ag an bhricfeasta. Agus piorraí, biabhóg agus sméara de shaghsanna éagsúla ón gháirdín acu. Bricfeasta mór, blasta, curtha le chéile le stíl agus scil, caithfear a rá. Agus caife láidir.

Tá an áit seo scoite amach ó na bailte thart maguaird, agus beidh carr de dhíth. Ach má tá sos suaimhneach, compórdach uait, ba dhoiligh a bhualadh. An t-aon oíche amháin a chaith muid ann, ach beidh mé ar ais.


1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.