Thursday 12 May 2016

Comhthéacs cultúrtha


Bhí aithne agam ar bhean as Páras a chaith saoire gach bliain i nGleann Cholm Cille. Ba é ceann de bhuaicphointí a seachtaine ná an Biongó sa halla pobail. Bhí dúil as cuimse aici ann. Nuair a chuir mé pus orm faoin bhiongó céanna, mhínigh sí gur 'eispeireas cultúrtha' a bhí ann di. Bhí sí sásta.

Bhí 'eispeireas cultúrtha' agam aréir. Ceann de bhuaicphointí cultúrtha i mbliain teilifís Fryslân, Omrop Fryslân, Diktee - comórtas deachtaithe i scríobh na Freaslainnise. Fuair mé an cuireadh ó Janneke Spoelstra, an file Freaslannach. Ní raibh sí cinnte an gcuirfinn spéis ann. Ní raibh mé féin cinnte, Ach bhí sé ina eispearas.

Chuaigh mé isteach i bhfoirgneamh an rialtais áitiúla - an Provinsjehûs.  Foirgneamh nua de mharmair agus gloine agus miotal ar an taobh amigh.

Ach taobh istigh...
Mirjam Vellinga (Afûk) , Hindrik Sijens agus Janneke Spoelstra (Fryske Akademy), roimh an chlár


Thóg na Freaslainnigh dhá bhliain leis an seanfhoirgneamh a chaomhnú agus a neadú isteach san fhoirgneamh nua. Bhí an seanfhoirgneamh ina halla rialtais le fada an lá roimhe sin, tá stair fhada ag an daonlathas sa Fhreaslainn. Tá armais na n-iarArdTiarnaí ar an síleail sa halla lárnach. Chuir sé Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath i gcuimhne dom, áit a bhfuil armais na n-ArdMhéaraí thar na blianta in airde ar an bhalla sa Seomra Darach.



Domsa, be é an foirgneamh réalt na hoíche. An seanadhmad, an gloine daite, an stair i ngach orlach de. Agus ach gurb é an cuireadh ó Janneke, duine den fhoireann breithiúnais, ní bheadh a fhios agam go raibh an seod seo ann. Ní fhaigheann daoine ón gnháthphobal seans gabháil isteach de ghnáth chuig an seomra seo, ná chuig an chlár teilifíse seo ach an oiread.

Iris van der Wal, Douwe Heeringa , Welmoed Sijtsma: réaltá ón raidió agus ón teilí.  
Bhí an clár féin . . . mall. Chuir sé i gcuimhne dom nuair a bhíodh deachtú le déanamh againn ar scoil. Léadh an píosa amach síos tríd uair amhain. Ansin léadh amach é i bhfrásaí gearra. Scríobh daoine. Ceamaraí á leanstan.

níor eitil an t-am i rith an chead chuid den taifead...
Thuig mé cad chuige a raibh a leithéid de chlár curtha ar fáil agus iad ag obair tríd an rud, go mall, fadalach. Tá leibhéal labhartha na Freaslainnise sásúil, dar leis na Freaslainnigh, ach tá leibhéal scríofa na teanga an-íseal ar fad. Ní mhúintear í mar ábhar scoile ach ar feadh cúpla uair sa seachtain, agus tá sé de rogha ag scoileanna í a fhágáil ar leataobh ar fad ó aois 14+.

Idir é sin agus athruithe sa litriú lena athnuachaint, easpa ábhar léitheoireachta sna meáin agus síorthroid leis an litriú Ollainise atá gar dó, bíonn ceartscríobh na teanga ina ábhar bróid ag Freaslannóir díograiseach. Bhí go leor den lucht scríofa sa halla ag déanamh iontais d'fhocail a bhí nua-cheaptha maraon le focail nár chuala siad iomra orthu roimhe sa sliocht a léadh amach.


Bhí mé ansin mar aoi de dhuine den lucht ceartúcháin, Janneke Spoelstra. Lean mé isteach sa seomra ceartúcháin í. Bhí sé chloigeann fichid acu ann, mar lucht ceartúcháin. Agus timpeall daichead duine fásta, idir óg agus aosta, a bhí ag cur isteach ar an ghradam.

an lucht ceartúcháin - Beart Oosterhaven agus daoine eile ón Fryske Akademy, Afûk agus  Cedin 
Agus ansin tógadh isteach ar ais sa halla iontach muid le gabháil tríd an phíosa a léadh amach - focal ar fhocal.

Mirjam Vellinga, Sietse de Vries (iriseoir/úrscéalaí a scríobh an píosa) agus Karen Bies (Omrop Fryslân)
 Bronnadh an gradam. Píosa amaidí,  'Díon órga' a bheir siad air, ag tagairt don aiceann cuar a chuirtear thar roinnt gutaí sa teanga -  'û'. Déanta de chairtchlár ab ea an bonn a crochadh thar mhuinéal an bhuaiteora, ach ba léir gur gradam dáiríre é ó taobh stádas i measc na bhFreaslannach é, agus go raibh daoine urramach i dtaobh an bhuaiteora céanna .

Fedde B.  Dijkstra (Wurdum), úrscéalaí bleachtaireachta 
Bhí orainn ar fad foirm a shíniú, a rá nach scaoilfimis an rún - ainm an bhuaiteora - roimh a sé a' chlog an lá dar gcionn, am a gcraolfaí an clár. Ar ndóigh, nuair a thugann Freaslannnach móid, is léir go ndéanfar beart de réir briathar.






3 comments:

  1. Bhal anois, an mbeadh Foras na Gaeilge ábalta aithris a dhéanamh air seo? (Ní raibh smaoineamh maith úr aige riamh....) Ná dheas an dúshlán do dhaoine as na ceantair éagsúla sleachta as mórscríbhneoirí na Gaeltachta a scríobh amach. Ach tá sé deacair é a fheiceáil mar chlár teilifíse ....

    ReplyDelete
  2. An-chur síos ar eachtra éagsúil

    ReplyDelete
  3. a Iarla, dá mbeinn ag iarraidh clár teilifíse a dhéanamh faoi phéint ag triomú bheadh sé níos suimiúla ar theilifís ná seo... ní fhaca mé an clár fein, níl teilifíseán agam san árasán - ach tá súil istigh agam nach ndeachaigh sé thar 30 bomaite. Agus aige sin, bheadh sé ró-fhada. Ach is comhartha é ar an eagla atá orthu nach bhfuil daoine in ann scríobh, nach bhfuil?

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.