Saturday 7 May 2016

Ensafh


Bhí mé díreach ag déanamh nach raibh duine ar bith sa Fhreaslainn buartha faoin Fhreaslainnis. Ansin bhuail mé le heagarthóirí Ensafh. Séard atá in Ensafh ná an t-aon iris liteartha amháin atá ann sa Fhreaslainnis, saghas meascán de Feasta agus An tUltach agus Comhar uilig le chéile. Tá iris cultúir ghinearálta ann, Moanne.


Tá Janneke Spoelstra agus André Looijenga ina n-eagarthóirí agus scríbhneoirí Frysk. Tá a bpaisean soiléir. Is é André an chéad duine go dtí seo a casadh orm a bhaineann úsáid as na leaganacha Frysk do logainmneacha seachas leaganacha Ollainnise.

Roinnt fíricí faoi Ensafh:
Tá sé ar fáil ar an idirlíon agus mar chóip crua.
Is beag siopa ina mbíonn sé ar díol.
Tá trí chéad síntiúsóir acu.
Thosaigh sé sa bhliain 2009, nuair a tháinig an iris páipéir Hjir (anseo) agus an iris idirlín Farsk le chéile chun foilseachán níos láidre a bhunú.
Faigheann sé tacaíocht airgeadais tríd an rialtas áiltiúil sa Fhreaslainn - go fóill beag - ach athraíonn na coinníollacha maoinithe go rialta.

Níl aon nuachtán uile-Fhreaslainnise ann. An t-alt a scríobhadh fúm sa nuachtán áitiúil, an Leeuwarden Courant, bhí sé in Ollainnis agus Béarla (an físeán).  Úsáidtear Freaslainnis mar Fhreaslainnis nuair a luaitear tagairt dhíreach ó fhoinse labhartha, mar shampla, a bhí André ag míniú domh. Ach is tagairt Freaslainnise i lár ailt Ollainnise.
Ach níos spéisiúla domhsa, luaigh sé go bhfuil 50% de na fógraí báis sa Fhreaslainnis sa nuachtán.

Is léir go bhfuil an-eolas ag Janneke agus André agus tá siad toilteanach an t-eolas sin a roinnt. . Bhí smaointe agus eolas agus cúlra á chur romham taobh istigh de dhá uair a' chloig mar gheall ar stair na teanga, socheolaíocht an cheantair, fealsúnacht agus creidimh. Thaitin an comhrá go mór liom.

Ba chruinniú príobháideach é seo a d'eascair ón alt sa nuachtán, ní ón tionscnamh Focail Eile. Is mór an trua nár smaoinigh lucht eagraithe  Oare Wurden ar an chruinniú seo a chur le chéile iad féin leis na foinsí eolais agus maoinithe atá acu féin. Seans go bhfuil mé meallta, ach níl imprisean iontach maith faighte agam go dtí seo go fóill faoi chumas eagraithe an tionscnaimh seo.

Ach níor mhaith liom críochnú le diúltachas. Seo cúpla pic go háirithe do Mise Áine. Is ina baile féin, Bun Cranncha, a chéadleag mé súil ar na leabharlanna beaga saora  seo. Cófraí adhmaid in áiteanna poiblí, le leabhair istigh ann. Tógann tú leabhar, fágann tú leabhar. Níl aon chostas.

Chonaic mé cúpla ceann thart ar Ljouwert go dtí seo. Ceann acu - thíos - i ngairdín tosaigh príobháideach atá buailte leis an chosán sráide. Sin taobh pragmatach den tír seo - ná habair é, déan é, mar a déarfadh muintir Mhic Sheáin i mBéal Feirste.



Ach ar ndóigh, is in Ollainis atá na leabhair ar fad!

5 comments:

  1. Spéisiúil!

    Agus fuair tú ríomhphost ag bun d'ailt ó leannán a chaitheann a laetha saoire i mBéarra, agus a mbeadh toilteanach labhairt leat.

    Beir bua,

    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. Fuair... beidh do rúin ar fad scaoilte!

      Delete
    2. " beidh do rúin ar fad scaoilte!"

      Ó, a Thiarnín bhig!!! :-)


      Fearn

      Delete
  2. Suimiúil, mar is iondúil.

    Is mór an mhaith go bhfuil tú in ann na daoine agus nithe suimiúla seo a aimsiú thú fhéin, a Réaltán...táim ag baint an-sult as do thuairiscí...go raibh maith agat, a chara!

    ReplyDelete
  3. Suimiúil, mar is iondúil.

    Is mór an mhaith go bhfuil tú in ann na daoine agus nithe suimiúla seo a aimsiú thú fhéin, a Réaltán...táim ag baint an-sult as do thuairiscí...go raibh maith agat, a chara!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.