Wednesday 18 May 2016

Vlieland

Gerda Posthumus, file pobail Vlieland
'Caithfidh tú cuairt a thabhairt ar na hoileáin' a dúirt go leor daoine liom. Fiú Alex Hijmans sa Bhrasail, trí Twitter. Dúradh liom gur ansin a labhair daoine Freaslainnis 'níos glaine' ná go leor áiteacha eile sa Fhreaslainn. Sna hoileáin. D'eagraigh Tresoar an t-oileán agus an ócáid - seans labhairt le file pobail Vlieland - agus chuaigh mé.
an port ag Oost-Vlieland
Is oileán mór é Vlieland. Eolas anseo. Bhí an t-am ann go raibh an t-oileán seo taite leis an chuid eile den Ísiltír agus leis na hoileáin eile amuigh idir an Waddenzee agus an Mhuir Thuaidh. Míle bliain ó shin ní raibh aon Waddenzee ann, ach talamh bog agus tais, agus corcach, agus riasc. Thóg na daoine a chónaigh sa cheantar ardáin thirime le cónaí ann, darbh ainm 'terpen', agus tá siad le feiceáil go fóill ar an mhórthír. Ach nuair a thosaigh siad ag tógáil díog mór fada d'athraigh siad patrún na sruthanna mara i ngan fhios daofa féin. Rinneadh muir éadomhain den bogach de réir a chéile, an 'Waddenzee' (wadden + zee = muir na mblár láibe). Rinneadh oileáin nua de thalamh a bhíodh mar chuid den mhórthír.  Fiú inniu bhí an bád ag suaitheadh na láibe thíos faoi agus bhí an fharraige broghach, smúitiúil.
An Ísiltír ag bun na spéire
Tuigeann tú i gceart gur Tír Iseal atá i gceist nuair a fheiceann tú tírmór ón fharraige. Níl ann ach líne íseal ag bun na spéire, le corrthúr eaglaise, nó muileann gaoithe. Níl aon chnoc ná sliabh leis an tír a scagadh ina ngiotaí inaitheanta. Ní nach ionadh gurb iad na hÍsiltírigh a d'fhorbair déanamh léarscaileanna agus cairteacha mara san Eoraip.

An díog a ritheann ar an taobh thoir theas den oileán
Bhí an t-oileán féin mar chóir leighis d'Éireannach a bhí ag tnúth le héagsúlacht tírdhreacha, caithfidh mé a admháil. Ar an taobh thoir theas bhí an baile - Oost-Vlieleand, Vlieland Thoir. Bhí Vlieland Thiar ann lá den tsaol ach shlog an t-uisce é, sa deireadh. Atlantis Ollannach.
Agus an díog - ar ndóigh - a chuir smacht agus slacht ar an fharraige. Ach ar an chuid eile den oileán bhí ardáin agus crainn agus dumhaigh agus trá. Tá coillte beaga ar an oileán, agus tránna a shíneann ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh. Ceol éin, búireadh na dtonn, suaimhneas. Ola ar mo chroí.
coillte ar na hoileáin, iarsmaí den sean-íseal-tír
Dumhach, agus trá

Rugadh duine de na filí is mó tionchair (in Ollainnis) ar an oileán. Jacob Slauerhoff. Eolas anseo.  Agus dán dá chuid anseo. 
Jacob Slauerhoff

Ach fillimis ar Gerda Posthumus. Cheap an Burgomeister (an Méara) mar fhile pobail í. As Groningen di ó dhúchas, tá naoi mbliana déag caite aici ar an oileán anois, pósta ar fhear ón oileán.
Thosaigh sí ag scríbh sa bhliain 2006. Ba bhanaltra í roimhe sin. Úsáideann sí an fhilíocht mar uirlis leis an domhain thart uirthi a mhíniú. Dar léi, tá ionannas idir scríobh na filíochta agus cónaí ar oileán.  Is domhain bheag di féin í an fhilíocht, agus pléann filíocht le cúrsaí ar mhodh atá srianta agus gearr. Agus dar léi, tá an nádúr iontach tabhachtach don fhilíocht. An rud atá thart uirthi ina saol laethúil, mar sin, léiríonn sí ina cuid filíochta é.
lagtrá
Tá mana acu ar an oileán, go n-athraíonn tú le gach turas isteach nó amach. Nuair a thagann tú isteach, tugann do chéadfaí an t-athrú faoi deara sa solas, sa bholadh, sa suaimhneas. Tá 'am eile' acu ar an oileán.

Aithníonn sí go bhfuil an saol gearr. Nuair a thagann cuairteoirí isteach chuig an oileán, bunaítear cairdis nua, dlúthchairdis a bhíonn gearr. Tá cailliúint agus imeacht i gceist. Mar an gcéanna, nuair a fhaigheann oileánach bás, siúlann lucht an tórraimh síos an phríomhsráid agus thar an teach aici féin. Druideann sí na cúirtíní le teann ómóis don duine marbh atá sa chónra, ag gabháil thar an doras. Bíonn aithne ag gach oileánach ar na hoileánaigh uilig eile. Le himeacht na mblianta, amharcann siad ar a chéile ag éirí crapálta, agus tinn, agus sean. Mar sin tá cailliúint ann go rialta agus i gcónaí. Séard a deir sí féin, 'tá tú anseo, ach níl tú anseo'. Níl an dara suí ann ach muinín a bheith agat as an tsaol agus as a dtagann chugat i rith d'ama anseo.

Tá an t-oileán tabhachtach di mar áis mhachnaimh dá cuid filíochta. Siúlann sí tríd na coillte agus síos an trá go minic - rud nach mbeadh ar fáil di ar thírmór. Ach ar ndóigh, mar a deir Gerda í féin, 'bíonn tú sofheicthe i rith an ama'. Níl aon áit le gabháil ar oileán chun tú féin a chur i bhfolach. Is dóigh léi go ndéanann an ghné seo de shaol oileáin a cuid filíochta níos géire agus níos glice. Caithfidh sé bheith amhlaidh. Ríomhann sí gur scríobh sí dán meafarach bunaithe ar eachtra a tharla idir í fein agus an fiaclóir áitiúil. Bhí ruaille buaille ann ó go leor d'aicme 'coiléar bán' an oileáin, ach mar gheall ar an dán bheith inaithnid, meafarach, ní raibh aon rud a bhféadfaidís a dhéanamh. Sheas an dán mar a bhí. Ach tá mé ag déanamh nach mbeidh siad ró-mhór léi anois...

Bhí eagla ar Gerda roimh an fharraige nuair a bhí sí beag. Bhí an fharraige ró-oscailte, ró-mhór don chailín beag. Ach anois is bean oileáin í agus úsáideann sí na mothúcháin seo ina cuid filíochta. Úsáideann sí an fharraige ina cuid filíochta mar mheafar - ainmhí fiáin, nach bhfuil insmachtaithe. Nuair a thugann sí turas ar thírmór, agus nuair a chronaíonn sí an fharraige, ní dhéanann sí ach siúl cois canáile. Tugann an t-uisce iontu ardú meanma di.

na báid amuigh ag iascach
Thug an bhúiríl mara agus an trá fhada ghaineamhach agus na coillte ceolmhara ardú meanma domh féin, caithfidh mé a rá. Chuir sé mo thír féin i gcuimhne domh. Bíodh is nach bhfuil cumha orm, thug sé le fios domh go raibh faoiseamh anama le fáil as na gnéithe sin a bhfuil taithí againn orthu.

Agus i ndiaidh cúpla lá istigh ar an oileán, bhí orm teacht ar ais - tagann an bád isteach go Harns/Harlingen. Crainn seoil ar an fharraige, crainn seoil ar na canálacha, fite fuaite tríd an bhaile agus neadaithe isteach i measc na dtithe. 
Dála an sceil, níl an crann tógála gorm agus bán sin in úsáid a thuilleadh. Thig leat é a thógáil ar cíos mar sheomra/stiúideo, mar thurasóir, más mian leat...


Iarmhír:
Tabharfar faoi deara gur Tresoar a d'eagraigh an turas seo. Is saghas Foras na Freaslainnise é Tresoar. Ní raibh aon bhaint aige le heagraíocht ar bith in Éirinn. Chuir Tresoar chuig oileán ina labhraítear hollanders, chan Frysk mé. An file pobail a chuir ar mo shúile dom é sin. Ní raibh Frysk á labhairt ar an oileán seo riamh. Tá mé cinnte, nuair a thagann an chéad scríbhneoir mionteanga ó thír eile go hÉirinn, tá mé cinnte dearfa nach n-eagróidh aon eagraíocht Gaeilge turas go hoileán Galltachta. Níl muid chomh holc agus a shíleann muid ó thaobh cúrsaí teangan, a dhaoine uaisle.

2 comments:

  1. Scéalta suimiúla agat mar is gnáth. GRMA.

    "Rugadh duine de na filí is mó tionchair (in Ollainnis) ar an oileán." I gcead duit, deir an phlaic gur chaith sé samhraíocha a óige ar an oileán. Is in Ljouwert a rugadh é,

    https://fy.wikipedia.org/wiki/Jan_Jacob_Slauerhoff

    Beir bua,

    Fearn

    ReplyDelete
  2. An ceart agat, a Fearn. Fuair mé é sin amach i ndiaidh duit éseo a scríobh.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.