Monday 30 March 2015

Clic

ina seasamh: Seosamh Ó Bergin, An tUasal Neamhspleách, Seán Ó Corbáin, Ruairí Ó hAnnluain, Peadar Mac Fhlannchadha,; ina suí: Pádraigín Uí Mhuineacháin, mise, Máirín Uí Thuairisg

Bhí mé ar ócaid bronnta duaise i mBéal átha na Slua roinnt seachtainí ó shin. Bhain mé an chéad áit sa chéad chomórtas gearrscéalaíochta le Craobh Ghrealláin de Chonradh na Gaeilge ar an bhaile sin, Comórtas Uí Mhaine. D'eagraigh siad an comórtas anuraidh agus bhain mé an duais anuraidh agus fuair mé seic breá sa phost anuraidh a cheannaigh ríomhaire nua domh anuraidh a bhí de dhíth go géar orm. Múineann gá seift...

Shíl mé go raibh deireadh leis na rudaí deasa an t-am seo anuraidh, ach ní raibh. Fuair mé cuireadh theacht chuig lón leis an choiste agus bhí me an-shásta gabháil siar. Tháinig muid le chéile agus bhí lón againn i dTeach Ósta Gullane, an teach is gaelaí ar an bhaile, deirtear liom. Lón galánta i seomra príobháideach. Agus ansin thóg siad amach Corn Mór Mílteach agus bhronn siad orm é. Ceann airgid. An chéad chorn a bhain mé le mo sholas. Ariamh.

Go raibh míle maith agaibh, a mhuintir Ghrealláin. Bhí sibh lách cineálta liom agus fial flaithiúil. D'fhan mé ar an phíosa seo a scríobh go dtí go mbeinn  thuas ar cuairt ar m'athair. Tá sé 92 agus ba ghnách leis scríobh nuair a bhí sé níos óige. Thug mé liom an corn agus is beag nár thit sé as a sheasamh (a shuí, i ndáiríre) nuair a thóg mé amach as an bhosca é. Chaith sé níos mó ná seasca bliain ag obair ag seodóirí, siopaí trófaithe agus geallbhróicéirí chomh maith. Beidh lúcháir ar choiste Bhéal Átha na Slua gur thóg sé an corn, mheá sé é ina lámha, scrúdaigh sé go géar é agus dhearbhuigh sé gur 'ceann maith é'!

is ceann maith é!

3 comments:

  1. Comhghairdeas. Tá mé go díreach tar éis do scéal a léamh agus bhain mé sult nach beag as. Cuisle an ghnáthshaoil le brath ann agus cuireann sé an léitheoir ar tinneall.

    ReplyDelete
  2. Mar is eol duit, a chara, tá lúcháir orm gur bhain tú an duais seo....tá sí tuillte agat... maith thú!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.