Friday 2 October 2015

Dílis: Blas




Agallamh le Blas, BBC Raidió Uladh, 1ú Deireadh Fómahir 2015 ANSEO, Brian Ó Maoláin i mbun an agallaimh.


Thug  Lára í féin faoi deara na hathruithe ina haintín ó chonaic sí í go deireanach, trí bliana ó shin. Gruaig a bhí airgeadta ar fad ar fad aici anois, gan dathú, ach gearrtha go tarrantach, maisitheach. Togha de chuid Marks ‘n’ Sparks don bhean atá ag an aois áirithe sin. Cúpla roc sa bhreis thart ar na súile. Súile oscailte, siosmaideacha. An gáire i gcónaí ag briseadh uirthi. Fáilte aici i dtólamh, ba chuma cé a bhí ann nó cén t-am den lá ar bhuail siad isteach. Fada ó shin. Sular fágadh Lára léi féin. Sula raibh Lára in ann an ceangal clainne a bhriseadh.
 ‘Chan insíonn tú d’éinne nuair atá tú ag teacht go Béal Feirste. Chan fheicimid thú riamh.’
Clic

3 comments:

  1. Ag súil go mór leis an leabhar a léamh! Beidh mé ar ais in am don seoladh.. ;-)

    ReplyDelete
  2. Comhghairdeas as do shaothar úr!

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.