Sunday 15 November 2015

Cúig C, Cuid 2



Tchítear domh go bhfuil soiléiriú de dhíth ar na C-anna Móra. Bhí mé ag freastal ar chaint inniu de chuid an Dublin Book Festival (i nGaeilge) agus déarfainn gur fiú míniú a thabhairt ar an mhéid a scríobh mé inné.

Do Scríbhneoirí:

C = Cúrsaí Chúraim:
Páistí, tuismitheoirí, daoine ar mhíchumas de shaghas amháin nó de shaghas eile. Daoine eile fán teach nó sa teaghlach, agus corrdhuine nach bhfuil gaolta leat ach tá siad ar do liosta.
Seo é an ceann is éasca a thuiscint. Tá sé in am do na fir (uilig) luí isteach ar an obair a roinnt. Agus nuair atá na páistí riartha agus cothaithe agus síleann tú go mbeidh siad réidh le himeacht... am ar bith feasta... seachas má chónaíonn sibh i mBaile Átha Cliath agus níl an t-airgead acu bogadh amach mar tá cíosanna agus praghasanna tí ró-ard... Sin fadhb amháin. Fadhb eile ná a luaithe is a eiríonn siad mór, is amhlaidh go n-éiríonn do thuismitheoirí féin sean, agus is ar mhná go hiondúil a thiteann an cúram seo chomh maith. Agus cúram dhaoine atá faoi bhac intleachtúil, fisiciúil nó sláintiúil. Am luí isteach, a fhearaibh. Am luí isteach. Ná fanaigí ar chuireadh. Díreach, déanaigí an méid gur féidir agus ansin roinnt eile oibre a dhéanamh chomh maith.
Ní thig luí isteach ar an scríobh má tá tuirse ort ag rith thart ag tabhairt aire do na daoine eile i do shaol. Ranntar an obair.


http://www.eabhloid.com/postail/258
C = Cúrsaí Airgid:
Neamhspleáchas airgid. Lánstad. Déanann mná 80% den obair ar an domhan ach ní leo ach 20% den mhaoin. Ní thig luí isteach ar an scríobh má tá do chuid ama ar fad caite ag saothrú airgid don chíos, don mhorgáiste, don bheathú clainne srl.  Tá sparántachtaí de dhíth agus eolas cuí tugtha mar gheall ar na sparántachtaí agus aon tacaíocht airgeadais eile atá ar fáil. Ceannaíonn airgead am agus fuinneamh.
http://www.cic.ie/books/published-books/lamh-mharbh-abu
C = Cúrsaí Muiníne:
Cothú féinmhuiníne i gcomhthéacsanna nua agus i ngach comhthéacs. Tabhair samplaí de mhná atá ag baint éachta amach sa scríobh, déantar iad a cheiliúradh. Molaimis ár mná óga ar scoil agus sa choláiste agus cuirtear ceird na scríbhneoireachta rompu mar rogha atá insroichte. Cúrsaí, ceardlanna agus coimisiniú a chur ar fáil.Tá an easpa féinmhuiníne ann de dheasca cúrsaí cultúir ach is féidir na patrúin atá ann a mhaolú le gníomhú agus maoiniú.

Caitríona Hastings
C = Cuóta:
Nuair a dhéantar earcú ar iarrthóirí do sparántachtaí agus coimisiniú saothair agus nuair a bhronntar iad, an ndéantar aon mhór-iarracht féachaint chuig cothromaíochta ó thaobh cineáil de? Cluinim guthanna ag ardú cheana, ach is ag bunleibhéal na n-iarrthóirí gur gá dúinn béim a leagan.
Táimid ag caint ar chúrsaí a athrú le fada go leor. Tá mé liath leis an aois anois, bhí mé óg, neamhroicneach nuair a thosaigh mé ag caint air seo...
Joanne Rowling
C = Cultúr:
An C is mó. Caisleáin nua le tógáil, agus Cultúr Domhanda le hathrú.
Mar shampla, J.K Rowling, agus moladh tugtha di gan a hainm baineann a nochtadh, ach J.K. a úsáid,  ar eagla nach gceannófaí a cuid leabhar...
An aithníonn sibh fíorainmneacha nó bréagainmneacha na scríbhneoirí seo? George Eliot Shasana, George Sand na Fraince, A.M. Barnard Cheanada, James Tiptree Mheiriceá.
Freagraí agus cúpla bean eile ar moladh daofa bheith ina bhfir  ANSEO


Fágfaidh mé sibh le dán a bhreac mé cúpla bliain ó shin.


Ait

Dá mbínn i m’fhear
chumfainn oidhreacht na gcianta,
táin is tóraíocht is éachtaí móra.
I mo shuí go socair ciúin gach tráthnóna,
ag carnadh mo chuid focal, an ceann amháin ar bharr a chéile.
I m’am saor.
Ag deireadh lae.
Sa chathaoir uilinn.

Ach tá tachráin agam féin le beathú is le ní is le cur a luí.
Tá bráillíní nite le filleadh, ‘s veisteanna ‘s stocaí, leis.
Iad siúd uilig le carnadh i mullach a chéile sa phrios.
Tá dorn amháin sa dabhach, dorn eile ag stiúradh obair bhaile.
Éadaí salaithe á gcur sa mheaisín, urlár á scuabadh go híon.
Lónta á réiteach don mhaidin lá ar na mhárach.
Leaba.
Suan.

Beirt a chromann chun saothair gach oíche.
Duine acu ina shuí ar a thóin.
I ndiaidh a shuipéar a ithe.
Sa chlapsholas.
Leis féin.


1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.